Cuirfear tús leis an gcéad shraith ranganna Gaeilge eile in Áras na nGael ar oíche Luain 30 Eanáir. Is féidir clárú ar líne ag www.cnag.ie
Beidh ranganna Gaeilge ar siúl i roinnt ionad eile ar fud an chontae chomh maith le himeachtaí eile chun deis a thabhairt d’fhoghlaimeoirí úsáid a bhaint as an méid atá á fhoghlaim acu.
Chomh maith le ranganna an Earraigh tá amchlár ullmhaithe ag Conradh na Gaeilge do na ranganna ar fad do 2016, ina measc na dianchúrsaí éagsúla a bhíonn á reáchtáil acu.
Beidh an Conradh ag leanúint freisin leis an teagmháil le hOllscoil Mhá Nuad maidir leis an gcáilíocht atá á reáchtáil ag an Ollscoil i dtaobh na Gaeilge. Ag éirí ón gcomhoibriú seo beidh deis ag na daoine atá ag freastal ar ranganna an Chonartha scrúdú a dhéanamh chun cáilíocht Eorpach a bhaint amach, más mian leo é sin a dhéanamh.
Gach eolas ó Chonradh na Gaeilge, 45 Sráid Doiminic, Gaillimh, 091 567824, nó [email protected].