Ardú de 7% ar líon na gCainteoirí Gaeilge

Tá 1.77 milliún duine sa stát a deir go bhfuil cumas Gaeilge acu, de réir daonáireamh na bliana seo caite. Tháinig méadú 7.1% ar líon na ndaoine a chur in iúl go raibh cumas acu Gaeilge a labhairt idir daonáireamh 2006 agus daonáireamh 2011.

Maidir le húsáid laethúil na Gaeilge áfach, titeann an figiúr go mór, agus is é 77,185 an líon daoine a deir go labhraíonn siad an teanga, lasmuigh den chóras oideachais, ar bhun laethúil. Arís, i gcomparáid le 2006, tá ardú le sonrú anseo freisin agus méadú de 5,037 ar an líon cainteoirí laethúil ón mbliain 2006.

Tá ceist na Gaeltachta níos casta, agus de réir anailíse atá déanta ar fhigiúirí an Daonáirimh ag Donncha Ó hÉalaithe do Raidió na Gaeltachta, labhraínn 24% de dhaonra na Gaeltachta oifigiúil an Ghaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais.

Is mar seo, dár le Ó hÉalaithe, atá céatadáin na gcainteoirí laethúla Gaeilge sna mórcheantair Ghaeltachta: Cathair na Gaillimhe 4.4%, Contae na Gaillimhe 31.4%, Corcaigh 26.4%, Dún na nGall 29.6%, Ciarraí 29.6%, Maigh Eo 11.1%, An Mhí 18.5% agus Port Láirge 25.9%.

Ag labhairt dó ar Raidió na Gaeltachta dúirt Ó hÉalaithe gur léir go bhfuil na céatadáin seo go mór as a riocht mar gheall ar an leagan amach atá ar theorainneacha oifigiúla na Gaeltachta. Creideann Ó hÉalaithe go bhfuil daonra na Gaeltachta os cionn 100,000 duine anois den chéad uair, agus 23,175 an líon cainteoirí laethúla Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachais, méadú 660 duine, nó 3%, ó Dhaonáireamh 2006.

 

Page generated in 0.2887 seconds.