Bainisteoir straitéise digití agus cuntais á lorg

Tá post buan do Bhainisteoir Straitéise Digití agus Cuntais fógartha ag an gcomhlacht Lorg Media, comhlacht atá lonnaithe i gcathair na Gaillimhe.

Is gníomhaireacht chruthaitheach cumarsáide agus margaíochta í Lorg Media a bhfuil réimse leathan oibre curtha i gcrích le comhlachtaí poiblí agus eagraíochtaí ar fud na n-ealaíon, an chultúir agus earnáil na Gaeilge agus na Gaeltachta san áireamh.

Tá iarrthóirí á lorg a bhfuil taithí mhaith acu, atá ag iarraidh cabhrú leis an bhfoireann timpeall orthu a neartú agus páirt thábhachtach a ghlacadh sa chéad chéim eile d’fhás Lorg Media.

Is féidir tuilleadh eolais a fhail faoin bpost ach teagmháil a dhéanamh le hOrla King ag 087-9845057 nó earcaí[email protected]. Is é Dé Céadaoin, 25 Samhain ag 4.00i.n. an dáta deiridh a ghlacfar le hiarratais.

 

Page generated in 0.4236 seconds.