Páirc Astro agus raon reatha na Tulaigh

Tá Cumann Sacair Chois Fharraige, Scoil na Tulaigh agus Coiste Pobail na Tulaigh tagtha le chéile chun mórfheachtas tiomsaithe airgid a sheoladh ar mhaithe le Páirc Astro agus raon reatha a fhorbairt sa Tulach i gConamara.

Beidh an t-ionad spóirt nua suite taobh thiar de Scoil na Tulaigh agus é in úsáid ag an gCumann Sacair, ag an scoil agus ag pobal na háite trí chéile. Tá súil go gcuirfidh an Pháirc Astro agus raon reatha go mór le háiseanna spóirt an cheantair.

Is crannchur, le gluaisteán den déantús Kia Sportage, luach €45,000, mar phríomhdhuais, atá mar chroílár an fheachtais bailithe airgid agus tá ticéid á dhíol go tréan ag an 3 grúpa faoi láthair. Tá súil acu treisiú ar an díolachán idir seo agus an Nollaig agus beidh an tarraingt don chrannchur ar siúl ar an 17 Eanáir seo chugainn. Is féidir ticéid a cheannach ag https://cs-cois-fharraige.sumupstore.com/.

 

Page generated in 0.4525 seconds.