'Insíonn muid ár scéal féin, cibé ealaín a roghnaíonn muid'

Labhraíonn Lasairfhíona Ní Chonaola faoina halbam nua

“Ceann de na chéad chuimhní cinn a bhí a’am ná na claíochaí a bheith thar a bheith ard agus chuala mé ceol. Bhí mé ag déanamh iontais mar ní fhaca mé cé as a raibh an ceol ag tíocht. Is iad na héanachaí a bhí ag gabháil fhoinn agus is cuimhin liom a bheith ag canadh leis na héanachaí.”

Déanann Lasairfhíona Ní Chonaola cur síos ar na chéad chuimhní atá aici ar an gceol. Le déanaí, d’eisigh an t-amhránaí as Inis Oírr a ceathrú albam stiúideo, Mo Róisín Dubh.

Léiríonn an t-albam an bua neamhghnách atá ag Lasairfhíona amhráin sean-nóis a chanadh lámh ar lámh le saothair chomhaimseartha agus nuachumtha. Cuireann an tionlacan álainn ón ngiotáraí clúiteach Steve Cooney go mór le cuid de na hamhráin atá ar an albam freisin.

Ar ndóigh, nuair a léirigh Lasairfhíona suim sa gceol agus í óg, bhí an deis aici neart amhráin a fhoghlaim in Árainn.

“Tá mé ag ceapadh le gasúir, bíonn tuairim a’at céard iad na suimeanna a bhíonns acub nuair a bhíonn siad an-óg agus domsa, ceol an rud ba mhó,” a deir sí.

“Thug mo dheaide faoi deara go raibh mé ag gabháil fhoinn agus mhúin sé amhráin dom. Mo dheartháireacha freisin, bhíodh muid uileag ag gabháil fhoinn le chéile.”

I measc na n-amhránaithe a bhí tionchar acub ar Lasairfhíona agus í ina gasúr, luann sí an t-amhránaí Árannach Treasa Ní Mhiolláin agus taifeadtaí a rinne a leithidí de Sheosamh Ó hÉanaí, Seán Mac Donnchadha agus Sorcha Ní Ghuairim. Is léir áfach gur fhoghlaim sí an sean-nós i gcomhthéacs a bhí an-nádúrtha.

“An chéad uair a chuala mé i ndáiríre an téarma ‘sean-nós’ ná ó Threasa Ní Mhiolláin nuair a bhí sí ag múineadh amhrán dúinn,” a mhíníonn Lasairfhíona.

“Dúirt sí, ‘Seo amhráin sean-nóis’, agus dúirt mé, ‘Ó, seo é an t-ainm atá ar an stíl a bhíonn muid ag canadh.’ Go dtí sin cheap mé go raibh muid ag casadh amhráin.”

“Is dóigh go bhfuil sé seo ar nós canúint, nach mbíonn a fhios a’ainn go dtí go ndeireann duine eicínt eile. Is as Inis Meáin mo dheaide ach tógadh in Inis Oírr mé, só bhí rud beag de chanúint Inis Meáin a’am.

“Ach ansin nuair a bhíodh muid in Inis Meáin cheap siad go raibh canúint an-láidir Inis Oírr a’am. Agus bhí mé ag rá, níor cheap mé go raibh canúint ar bith a’am. Bhí canúint ag chuile dhuine eile ach ní a’amsa.”

Áfach, cé gur tógadh Lasairfhíona le traidisiún an tsean-nóis, ní raibh imní uirthi ariamh stíleanna ceoil eile a iniúchadh.

“Is cuimhin liom, bhí mé ag iarraidh a bheith i m'amhránaí clasaiceach agus bhí mé ag éisteacht le na sopranos agus, bhíodh mé ag déanamh iontais mar bhí sé difriúil ón sean-nós. Is maith liom triail a bhaint as teicnící difriúla - bainim taitneamh as,” a deir sí.

“Freisin, tá suim a’am i gcineálacha amhránaíochta eile freisin. Ceol comhaimseartha, bheadh tionchar aige sin orm. Is maith liom snagcheol [jazz].”

“Tá mé ag ceapadh go bhfuil cosúlachtaí ag an sean nós leis an snagcheol, agus cultúrachaí eile freisin - Arabach, Indiach.”

Rinne Lasairfhíona taifeadadh ar a halbam i rith paindéim COVID-19 - rud a bhí thar a bheith dúshlánach. Nuair a chuir sí tús leis an tionscnamh, bhí sé i gceist aici díriú ar amhráin sean-nós amháin, ach chinn sí níos déanaí cuid dá hamhráin nuachumtha a chur ar an albam in éindí le leagan éagsúil de phort béil ar rian amháin.

“Bhuel is ealaíontóir mé, mar sin tá cead a’am má tá mé ag iarraidh,” a deir Lasairfhíona agus í ag gáire, nuair a mhíníonn sí cén fáth gur athraigh sí a hintinn.

“Le ‘Mo Róisín Dubh’, ‘An Caisideach Bán’, na hamhráin sin, dúirt mé go bpléifidh mé leis an sean-nós. Ach is duine cruthaitheach mé freisin, tagann sé amach asam, níl mé in ann gan a bheith cruthaitheach.”

“Tá tuilleadh amhráin sean-nóis ba mhaith liom a chasadh freisin. Níl mé réidh leo fós. Tá liosta beag a’am ag baile.”

Áfach, bhí suntas áirithe ag baint leis an amhrán cumhachtach “Caoineadh na dTrí Mhuire” atá ar an albam, agus míníonn Lasairfhíona gur chuidiú mhór é an t-amhrán seo di nuair a bhí sí ag dul trí thréimhse cneasaithe pearsanta agus í i mbun taifeadadh.

“Bhí fadhbanna sláinte a’am ag an am sin; bhí ailse orm. Thug agus tugann ceol agus amhránaíocht cúnamh dom,” a deir sí.

“Tá na hamhráin bhrónacha sin tábhachtach freisin mar tugann siad an-chúnamh do dhaoine suí leis an mbrón atá ionainn féin.”

“Ach is cuimhin liom nuair a bhí an diagnosis a’am bhí mé sórt in ísle brí agus corruair, chan mé le cúnamh a thabhairt dom féin.”

“Is cuimhin liom bhí mé ag éisteacht leis na gormachaí - nó the blues - an fear a bhí ag canadh, bhí sé an-bhrónach ach bhraith mé níos fearr tar éis a bheith ag éisteacht leis. Tá sé an-aisteach - éist le hamhrán brónach agus mothóidh tú níos fearr.”

Áfach, in ainneoin na ndeacrachtaí seo, tá ríméad ar Lasairfhíona gur éirigh léi an tionscnamh a chur i gcrích.

“Tá mé an-ríméadach, an-sásta gur chuir mé críoch leis seo agus ba mhaith liom coinneáil orm,” a deir sí.

“Corruair bíonn sé go maith tionscnamh a chur ar athló mar bíonn sé ag obair in áit eicínt san intinn. Sílim go bhfuil sé tábhachtach d’ealaíontóirí anailís bheag a dhéanamh - an chaoi a bhfuil muid, cén chaoi a shamhlaíonn muid.”

“Ta’s a’am go mbíonn sé dúshlánach rudaí mar seo a dhéanamh ach mholfainn do dhaoine eile, leanacht ar aghaidh leis an tionscnamh atá acub; déan an taifeadadh nó scríobh an leabhar sin.”

“Tá mé ag ceapadh go n-insíonn muid ár scéal féin. Tagann sé amach, cibé ealaín a roghnaíonn muid; scríbhneoireacht, filíocht, amhránaíocht.”

 

Page generated in 4.7880 seconds.