NAZA: Léargas lom ar bhrúidiúlacht chaoch na teicneolaíochta

Bhí ciúnas aisteach, míshuaimhneach le n-aireachtáil i bpictiúrlann an IMC i nGaillimh oíche Dé Luain nuair a taispeánadh an scannán NAZA.

Tá an léiriúchán bunaithe ar fhianaise béil a thugann 24 duine anaithnid ó arm agus seirbhís fháisnéise Iosrael a ghlac páirt sa gcinedhíothú i nGaza.

Den chuid is mó, déanann siad cur síos lom, gonta ar an gcaoi a bhain Iosrael úsáid as córais Intleachta Saorga (AI ) le cinní a dhéanamh faoi láithreacha a bhí á n-áireamh mar thargaidí le haghaidh buamála.

Tagann teideal an scannáin ó théarma míleata in Iosrael atá mar acrainm ar na focail Nezek Agavi - nó “damáiste comhthaobhach” san Eabhrais.

Aisteach go leor, bhí formhór mór den lucht féachana i nGaillimh - mé féin san áireamh- ag suí sa bpictiúrlann ina n-aonar, gan fonn orthu breathnú ar an léiriúchán le duine ar bith eile is léir.

Tá na scannánóirí Rachel Szor agus Yuval Abraham tar éis ard-mholadh agus géarcháineadh araon a tharraingt orthu féin lena saothar.

Sheas an lucht féachana ar feadh 24 nóiméad le bualadh bos a thabhairt ag deireadh première an scannáin i Vín na hOstaire ag an bhféile scannánaíochta chlúiteach sa gcathair sin, mí Mheán Fómhair .

In Iosrael é féin ar ndóigh, d’fhógair Príomh-Aire na tíre Benjamin Netanyahu go raibh plean ag an rialtas reachtaíocht a chur i bhfeidhm le píonós a ghearradh orthu siúd a rinne “clúmhilleadh” ar shaighdiúirí Iosraelacha. Dúirt an tAire Cultúir Miki Zohar freisin gur cheart go dtarraingeofaí siar saorántacht na scannánóirí.

Tharraing an saothar cáineadh freisin ó ghníomhaithe áirithe ar thaobh na Palaistíne de bharr gur leag sé níos mó béime ar léargas na saighdiúirí Iosraelacha ná ar pheirspictíocht mhuintir Ghaza. Bhí faitíos ar na daoine seo go mbeadh níos mó trua ag an lucht féachana ar an dream atá ciontach ná ar na híospartaigh.

Cuireann sé i gcuimhne b’fhéidir an jóc searbhasach a dhéanann an fear grinn Albanach Frankie Boyle faoi scannáin a dhíríonn ar mhíliteachas Mheiriceá;

“Ní amháin go rachaidh Meiriceá go do thír agus maróidh siad do mhuintir ar fad - ach níos measa arís, 20 bliain níos déanaí, déanfaidh siad scannán faoin gcaoi go raibh an-bhrón ar a saighdiúirí de bharr gur mharaigh siad do mhuintir.”

Ar ndóigh, níor bhain an scannán úsáid as mórán íomhánna grafacha i nGaza i gcomparáid le cuid den stuif atá le fáil ar líne. Don chuid is mó, dhírigh an ceamara ar spéirlíne Tel Aviv agus ar scáthchruthanna na rannpháirtithe a bhí faoi agallamh, agus iad clúdaithe le dorchadas na hoíche.

Ach in ainneoin seo, bhí sé deacair trua a bheith ag an lucht féachanna do na rannpháirtithe Iosraelacha a bhí faoi agallamh.

An téama ba shuntasaí a sheas amach sa scannán ná an chaoi gur chuir úsáid na teicneolaíochta bac orthu comhbhá a bheith acub dá n-íospartaigh.

Ba léir i gcaoi eicínt go raibh an teicneolaíocht seo tar éis na saighdiúirí a scaradh ón daonnacht.

Mar a dúirt duine amháin acub, “Tá ról teicniúl agam. Ní chóir dom seasamh morálta nó prionsabálta ar bith a léiriú.”

Ag deireadh an scannán, d’fhan gach duine ina dtost le breathnú ar na teidil chreidiúna agus ciúnas aisteach, míshuaimhneach le n-aireachtáil fós.

 

Page generated in 2.6206 seconds.