‘Gá le straitéis lóistín do thurasóirí’ a chloiseann coiste Gaeltachta

Dúradh le Comhchoiste Gaeltachta an Oireachtais go bhfuil gá le straitéis lóistín do thurasóirí sa nGaeltacht de bharr go bhfuil daoine óga ann “á gcoinneáil amach ón margadh tithíochta.”

Dúirt an Dr Ann Nolan ó Choláiste na Tríonóide go bhfuil ”impleachtaí sa bhreis” ag easpa tithíochta sa nGaeltacht ar “inmharthanacht na Gaeilge mar theanga phobail sa todhchaí”, agus í ag labhairt di os comhair an chomhchoiste i dTeach Laighean, Dé Máirt seo caite.

Foilsíodh tuairisc a bhí bunaithe ar thaighde a rinne an Dr Nolan faoi chúrsaí tithíochta sa nGaeltacht i gCorca Duibhne, Co Chiarraí, an mhí seo caite.

Agus í ag labhairt faoi mholtaí na tuairisce seo, dúirt sí gur chóir do ranna rialtais éagsúla teacht le chéile le plean a fhorbairt le tithíocht phoiblí agus shóisialta a thógáil sa nGaeltacht.

Níor cuireadh an moladh seo i bhfeidhm i mBuiséad 2027, cé gur foilsíodh an tuairisc seo sular dhréachtaigh an rialtas an buiséad.

“An moladh uileghabhálach atá againne sa staidéar ná gur chóir go bhforbróidh an rialtas ina iomláine freagra comhordaithe do thithíocht i gceantair Ghaeltachta,” a dúirt an Dr Nolan.

“Aithnímid nach féidir ceisteanna maidir le hinacmhainneacht thithíochta, cumas an phobail fanacht nó filleadh ar cheantair Ghaeltachta, agus todhchaí na Gaeilge mar theanga phobail a scaradh óna chéile.”

Chuir líon na dtithe saoire agus lóistín gearrthéarmach - mar a bheadh ar Airbnb - imní ar na rannpháirtithe Gaeltachta a ghlac páirt sa staidéar a rinne an Dr Nolan agus a foireann.

Rinne an fhoireann “cuardach arís is arís eile” ar shuímh gréasáin cosúil le Airbnb.com agus Daft.ie ach ní rabhthas in ann teacht ar theach amháin a bhí le fáil ar cíos ar bhonn fadtéarmach.

Agus í ag labhairt di i dTeach Laighean, cheistigh an Dr Nolan cén chaoi ina bhféadfadh an turasóireacht a bheith inmharthanach “nuair a bhraitheann sé ar phobail nach bhfuil, de réir a chéile, in ann tithíocht a chur ar fáil dá ndaonra áitiúil.”

“Ní raibh teach ar bith le fáil ar cíos ar bhonn fadtéarmach i nGaeltacht Chiarraí Thiar le linn na tréimhse sin, ach bhí os cionn míle áit ar fáil go gearrthéarmach ar Airbnb i gCorca Dhuibhne,” a dúirt sí.

Dúirt an Dr Nolan freisin go raibh an baol ann nach an rialtas ag glacadh le Gníomh Tithíochta Inacmhainne Choimisiún an Aontais Eorpaigh, nó le Ráiteas Náisiúnta Pleanála, i dtaobh a bpolasaithe tithíochta don Ghaeltacht.

“Tarraingítear ceisteanna bunúsacha anuas inár gcás samplach faoin bhféidearthacht atá ann príomhsprioc an Ráitis Náisiúnta Pleanála a bhaint amach,” a dúirt sí

 

Page generated in 0.8272 seconds.