Taispeánfar An Taibhse, an chéad scannán uafáis Ghaeilge, ag ócáid a bheidh ar siúl i dTeach na Gaeilge i Maigh Cuilinn tráthnóna inniu.
Léirithe ag Jackpot Films, ba é Jim Sheridan, fear a ainmníodh do Ghradam Oscair sé huaire, a bhí mar stiúrthóir feidhmiúcháin ar An Taibhse.
Cuirfear tús leis an ócáid ag 8.00i.n. agus maireann an scannán ar feadh uair go leith agus tá fotheideal Béarla leis freisin. Tá ticéid ar fáil ar Eventbrite agus beidh seisiún plé le foireann Jackpot Films i ndiaidh an scannáin.