Tá muintir na Gaeltachta faoi scáth an bhróin ó tháinig an scéal go bhfuil an scríbhneoir, múinteoir, cumadóir, file, amhránaí, agus drámadóir Fearghas Mac Lochlainn imithe ar shlí na fírinne.
Bhásaigh Fearghas gan choinne ar an Luan, an 26 Deireadh Fómhair. Rugadh é i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1961. Chaith sé blianta ag múineadh agus bhí sé ina phríomhoide ar Scoil Sailearna in Indreabhán go dtí 2019.
Bhí suim mhór ag Fearghas san aos óg agus bhí tionchar ollmhór aige daltaí óga a spreagadh chun páirt a ghlacadh i gcomórtais Oireachtas na Samhna. Chreid sé gur bhealach maith a bhí san amhránaíocht agus sa drámaíocht chun muinín agus grá don chultúr dúchasach a chothú iontu.
Bhí Fearghas an-tugtha don scríbhneoireacht agus chum sé amhráin, lúibíní, agallaimh bheirte agus leabhair do pháistí. Le ceathracha bliain anuas, bhíodh Fearghas le feiceáil go minic ar stáitse ag Oireachtas na Samhna agus é ag dul i bhfeidhm ar an lucht féachana leis an bhfoclaíocht bhinn, chliste, ghreannmhar a bhíodh le fáil ina shaothair nuachumtha.
Beidh Fearghas á thórramh sa mbaile ina theach cónaithe i Radharc na Rún sa Spidéal (H91 N8P3 ) inniu ó 3.00 i.n go dtí 7.00 i.n. Ní bheidh aon tórramh sa teach maidin Dé hAoine.
Léifear Aifreann na Sochraide i gCill Éinde sa Spidéal ag 12:00 i.n. ar an Aoine, 30 Deireadh Fómhair. Cuirfear i Reilig an Choilligh tar éis an Aifrinn é.
Maireann a bhean chéile, Bríd, agus a iníon, Anna, ina dhiaidh.