D’fhoghlaim mé cén chaoi le bheith i mo Bhéar Grylls ag an Oireachtas

Tá Oireachtas na Samhna faoi lán seoil aríst i mbliana. Yahú! Ar ndóigh, baileoidh na sluaite ó chian is ó chóngar i gCill Airne amárach agus thar an deireadh seachtaine don fhéile chlúiteach a bunaíodh in 1897.

Cé go mbíonn an t-uafás imeachtaí iontacha ar siúl ann, tá cuimhne ghlinn amháin a’am ar eachtra ar leith a tharla ag an bhféile.

Neart blianta ó shin, reáchtáladh an tOireachtas i City West, óstán mór millteach atá lonnaithe ar champas gnó in iar-dheisceart Chontae Átha Cliath. Is ceantar aisteach é i ndáiríre - áit a gcasann sean-cheantair thuaithe le bruachbhailte nuathógtha.

Bhí codarsnacht áirithe le n-aireachtáil idir an cultúr agus stair a bhaineann le féile an Oireachtais agus an easpa oidhreachta agus anama a bhaineann leis an logainm gránna “City West”.

Ar aon chuma, bhí mé féin ag freastal ar an ollscoil ag an am agus nuair a chinn mé freastal ar imeachtaí na féile oíche Dé Sathairn thug mé faoi deara nach raibh léine ghlan ar bith a’am!

Bhí mé óg agus amaideach agus chaith mé léine bhán isteach sa meaisín níocháin go sciobtha. Chomh luath is a bhí sé glanta, ghlac mé leis gur dea-smaoineamh a bhí ann léine fhliuch a tharraingt thar mo cheann agus mé ag freastal ar imeacht ag tús an gheimhridh. (Caithfidh go raibh mé ró-ghafa leis an gceol binn agus na piontaí breátha a bhí i ndán dom ).

Ní raibh léine fhliuch chun bac a chur orm freastal ar an Oireachtas agus rinne mé mo bhealach ar an Luas ó champas Choláiste na Tríonóide go City West.

Mar is gnáth, bhí oíche den chéad scoth a’am - ró-mhaith b’fhéidir. Bhí mé chomh gafa leis an spraoi agus an spleodar nár thug mé faoi deara go raibh an bus deireanach go lár na cathrach imithe. A Thiarcais!

(Scríobh mé cheana sa gcolún seo faoin PTSD a d’fhág bus an 424 i gConamara orm, ach faraor géar tá neart busannaí eile a d’fhág tráma ar leith orm. )

Ar ndóigh, ag an tráth sin den oíche ní raibh Luas ar bith ag tíocht agus chaith mé an méid sin ama ag clabaireacht go raibh na tacsaithe ar fad imithe ón gceantar iargúlta ar imeall na príomhchathrach.

Fágtha i mo staic a bhí mé taobh amuigh den óstán, ar crith leis an bhfuacht de bharr go raibh léine fliuch a chaitheamh a’am.

Ní dóigh liom gur chóir dom cur síos a dhéanamh ar an méid a bhí orm a dhéanamh le maireachtáil - ach déarfainn gur fhoghlaim mé cén chaoi le bheith i mo ‘Bhéar Grylls’ an oíche sin.

Nuair a d’éirigh liom mo bhealach a dhéanamh ar ais go lár na cathrach an mhaidin dár gcionn chaith mé coicís sa leaba ag fulaingt ón tinneas uafásach a bhí orm.

Ní féidir tada eile a rá faoi ach gur b’fhiú go mór an praghas sin a íocadh le taitneamh a bhaint as spleodar an Oireachtais. Hup screathachaí!

 

Page generated in 0.0806 seconds.