Club Reatha na Gaillimhe ag cur tús le rith 5km nua

Tá grúpa nua reatha i gCathair na Gaillimhe ag iarraidh daoine a tharraingt le chéile chun an Ghaeilge a labhairt, rúinín beag aclaíochta a dhéanamh agus cupán caife a bheith acu ina dhiaidh.

Tá Gaillimh le Gaeilge, i gcomhar le Caifé na Taibhdheirce, agus Gaeil na Gaillimhe CLG, ag cur fáilte roimh dhaoine de gach aois agus ar gach leibhéal Gaeilge a bheith páirteach i gClub Reatha na Gaillimhe. Is grúpa pobail nua é seo a chruthaíonn deis do dhaoine a bheith gníomhach, bualadh le daoine eile agus an Ghaeilge a úsáid i dtimpeallacht chairdiúil agus neamhfhoirmiúil.

Beidh an chéad rith 5km de chuid Chlub Reatha na Gaillimhe ar siúl Dé Sathairn, an 24 Deireadh Fómhair 2026. Buailfidh na rannpháirtithe le chéile ag Caifé na Taibhdheirce, 19 An tSráid Láir, Gaillimh, H91 E2V3, ag 11.00 r.n.

Tá an t-imeacht seo á eagrú mar chuid de Phlean Teanga Chathair na Gaillimhe, le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge.

Más cainteoir líofa Gaeilge thú, má tá tú ag foghlaim, nó mura bhfuil ach beagán Gaeilge agat, beidh fáilte agus fiche romhat! Beidh deis ag gach duine na 5km a rith ar a luas féin. Ní bheidh aon bhrú ar dhaoine rith go tapaigh ná Gaeilge fhoirfe a labhairt. Is é an rud is tábhachtaí ná taitneamh a bhaint as an lá, bualadh le daoine nua agus níos mó deiseanna a chruthú chun an Ghaeilge a úsáid ar bhealach neamhfhoirmiúil.

Tá teachtaireacht Chlub Reatha na Gaillimhe soiléir, “Tar linn, rith más mian leat, siúil más fearr leat, labhair Gaeilge ar do leibhéal féin.”

 

Page generated in 0.4213 seconds.