Cúramóirí Baile á lorg ag Tearmann Éanna

Tá folúntais do chúramóirí baile fógartha ag Tearmann Éanna mar chuid den tseirbhís chúraim agus tacaíochta baile atá á sholáthar acu i gcomhar le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE ).

Tacaíonn an tseirbhís seo le daoine gur mian leo fanacht ag an mbaile agus maireachtáil go neamhspleách, le tacaíocht, ina dtithe agus a gceantair féin.

Tá foirm iarratais ar fáil ón suíomh idirlín ag www.tearmanneanna.ie agus ní mór an fhoirm seo, agus na cáipéisí eile atá luaite leis, a sheoladh sa bpost chuig Bainisteoir Ginearálta, Tearmann Éanna CTR, An Tulach, Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe, nó ríomhphost a sheoladh chuig [email protected].

 

Page generated in 0.4168 seconds.