Oibríonn Gaillimh le Gaeilge i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Cumann Tráchtála na Gaillimhe, Fáilte Ireland agus páirtithe eile chun stádas dátheangach oifigiúil na cathrach a fhorbairt agus a threisiú, agus chun stádas mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta a bhaint amach do Ghaillimh.
Táimid ag earcú Oifigeach Pleanála Teanga chun tacú le comhordú agus le cur i bhfeidhm Phlean Teanga Chathair na Gaillimhe agus le húsáid na Gaeilge a mhéadú sa chathair.
Beidh an té a cheapfar ag obair faoi stiúir Phríomhfheidhmeannach Ghaillimh le Gaeilge agus i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Foras na Gaeilge, eagraíochtaí Gaeilge, pobail, gnólachtaí agus páirtithe leasmhara eile.
Post lánaimseartha ar théarma seasta trí bliana atá ann, faoi réir maoinithe, agus beidh tréimhse phromhaidh i gceist.
Na príomhcháilíochtaí: Gaeilge agus Béarla líofa, scileanna láidre cumarsáide, taithí ar bhainistiú tionscadal agus scileanna maithe digiteacha.
Dáta deiridh: 5.00 i.n., Dé Luain, 9 Samhain 2026. Tuilleadh eolais agus foirm iarratais: www.gleg.ie nó [email protected].