An heileacaptar deireanach amach as Carna

Déanann an NTA teagmháil le Teachtaí áitiúla faoin 424

Léargas ealaíonta ar eispéireas an 424

Léargas ealaíonta ar eispéireas an 424

Rinne an tÚdarás Náisiúnta Iompair (NTA ) teagmháil le Teachtaí Dála agus Seanadóirí as Gaillimh Thiar an tseachtain seo caite maidir le seirbhís bhus an 424.

Mar a tuairiscíodh an tseachtain seo caite, rinne an Teachta Dála Mairéad Farrell (Sinn Féin ) as Gaillimh Thiar géarcháineadh ar Bhus Éireann agus an NTA.

Dúirt an Teachta go raibh soiléiriú ag teastáil ón dá eagraíocht stáit maidir le na huasghráduithe a fógraíodh do sheirbhís an 424 le déanaí.

Sa litir a sheol an NTA chuig na hionadaithe poiblí - agus atá feicthe ag an bhfoilseachán seo, dúradh go gcuirfear tús le seirbhís chúnta nua idir an Cheathrú Rua agus cathair na Gaillimhe ar an 1 Samhain.

Fágfaidh an bus seo Stáisiún Cheannt ag 4:15in agus beidh bus eile ag dul soir ón gCeathrú Rua ag 4:45in.

Ina theannta sin, d’aithin an t-údarás go raibh an tseirbhís “faoi bhrú” agus gur “cheist dháiríre” a bhí ann nach mbíonn a dhóthain spáis ar na busanna ag amanna ina mbíonn ard-éileamh ann.

Chomh maith, dheimhnigh an litir go mbeidh seirbhísí nua ag tosú idir Bearna agus cathair na Gaillimhe ar an 1 Samhain freisin.

Fágfaidh dhá bhus Stáisiún Cheannt ag 7rn agus 8:30rn agus fágfaidh dhá bhus Bearna ag 7:45rn agus 9rn ar maidin. Um thráthnóna, fágfaidh an bus Stáisiún Cheannt ag 4:15in agus imeoidh ceann ó Bhearna ag 4:45in.

Tá an chuma ar an scéal áfach nach bhfuil plean ar bith ann chun bus eile ó Chonamara a eagrú a bheidh in ann lár na cathrach a bhaint amach go gairid roimh a 9rn.

Cuireadh tús le seirbhís chúnta nua idir cathair na Gaillimhe agus an Spidéal le déanaí ar an 27ú Meán Fómhair. Faoi láthair, fágann an bus nua seo an Spidéal ag 8:10rn agus dar le sceideal an bhus, sroicheann sé Stáisiún Cheannt ag 9:08rn.

Léirigh an Teachta Dála Mairéad Farrell imní an tseachtain seo caite faoin gcaoi nach sroicheann an bus seo cathair na Gaillimhe roimh a 9rn, - rud a bheadh feiliúnach do mhic léinn agus oibritheoirí atá ina gcónaí i gConamara.

Ag labhairt dó le Sobal, dúirt an Teachta Dála John Connolly gur chuir sé fáilte roimh na huasghráduithe a bhí fógartha do sheirbhísí an 424 agus dúirt sé go raibh Bus Éireann tar éis triail rathúil a dhéanamh i mBearna le déanaí don tseirbhís chúnta a bheidh ag tosú ann mí na Samhna.

“Chas mé le Bus Éireann i mBearna mé féin nuair a bhí rinne siad triail ar an tslí gur mhaith leo a úsáid,” a dúirt sé.

“An rud is tábhachtaí ná go raibh siad in ann bus a chur go dtí an crosbhóthar taobh thiar den ionad siopadóireachta.”

Dúirt an Teachta Connolly freisin go mbeidh Bus Éireann ag baint úsáide as busanna níos mó ar sheirbhís an 424 go luath le dul i ngleic le fadhbanna a bhaineann le heaspa spáis ar an tseirbhís.

“Dar leis an eolas atá faighte, tá siad [Bus Éireann] dóchasach go mbeidh na busanna níos mó acub níos luaithe ná mar a bhí siad ag ceapadh - b’fhéidir go mbeidh siad ann roimh an Nollaig,” a dúirt sé.

“Faoi láthair, ‘sé líon na bpaisinéirí atá siad in ann glacadh leis ná thart ar 55, ach leis na busanna seo beidh níos mó na 70 [suíochán] orthu…Déarfainn go mbeidh flít nua ar fad ar an 424.”

Labhair an Comhairleoir Pádraic Joe Joe Mac an Iomaire (Fine Gael ) leis an bhfoilseachán seo freisin agus dúirt sé nach raibh an NTA nó Bus Éireann i dteagmháil le hionadaithe poiblí ar an gComhairle Chontae le déanaí faoi sheirbhís an 424.

Dúirt sé freisin gur chuir sé fáilte roimh na huasghráduithe nua, cé go raibh sé den tuairim gur chóir go rachadh an seirbhís chúnta nua idir Bearna agus Gaillimh chomh fada siar leis na Forbacha.

 

Page generated in 0.4954 seconds.