Beidh ceardlanns spraíúil á dhéanamh ag Áine Ní Dhroighneáin, áit a mbeidh deis ag rannpháirtithe fleasc sailí a mhaisiú le bláthanna triomaithe.
Fásann Áine a bláthanna féin sa Spidéal de réir prionsabail orgánacha agus triomaíonn sí féin iad. Tá gnó beag aici freisin - Flós - agus bíonn bláthanna úra ar fáil i rith an tséasúir fáis freisin.
Tá an cheardlann seo dírithe ar ghasúir idir 8 agus 12 bliain d'aois agus beidh sé ar siúl ag 10r.n agus 1i.n Dé Sathairn beag seo, in Áras na nGael.