Stéibh '26: Comórtas Amhrán Nuachumtha

Tá lucht eagraithe na Féile Rua ar an gCeathrú Rua sa tóir ar iarratais do Stéibh '26, comórtas d’amhráin nuachumtha.

Tá an comórtas oscailte do dhaoine atá ina chónaí sa Ghaeltacht nó gurbh as an nGaeltacht ó dhúchas iad. Déanfar taifead gairmiúil ar na hamhráin a thugann an chéad agus an dara háit leo agus mar aon le sin bronnfar €800 ar an mbuaiteoir agus €300 don dara háit.

Is é an 23 Deireadh Fómhair an spriocdháta chun iarratas a dhéanamh ar an gcomórtas agus tá gach eolas ar fáil ó [email protected].

 

Page generated in 0.1639 seconds.