Seisiún oscailte ceoil do pháistí le Baboró

Mar chuid de chlár imeachtaí na Féile Baboró, beidh seisiún oscailte ceoil thraidisiúnta Dé Sathairn seo chugainn atá dírithe ar pháistí agus daoine fásta ag seinm le chéile in atmaisféar cairdiúil, suaimhneach.

Beidh an seisiún faoi stiúir Liz Coleman agus Páidín Breathnach. Cuirfear fáilte roimh gach uirlis, chomh maith le hamhránaithe agus rinceoirí. Ní gá clárú roimh ré agus níl le déanamh ach d’uirlis cheoil a bhreith leat chuig Áras na nGael, 45 Sráid Doiminic.

Cuirfear tús leis an seisiún ag 4.00i.n. agus mairfidh sé ar feadh uair go leith.

 

Page generated in 0.0985 seconds.