Beidh deis aríst ag an bpobal éisteacht leis an dá mhórshaothar ceoil a choimisiúnaigh Stiúideo Cuan ó na ceoltóirí iomráiteacha Aoife Ní Bhriain agus Colm Ó Foghlú.
Gach bliain, bronnann Stiúideo Cuan coimisiún in onóir Charlie Lennon, an laoch ceoil a bhunaigh an Stiúideo. Beidh an dá mhórshaothar a coimisiúnaíodh anuraidh agus an bhliain roimhe áfach le cloisteáil aríst anocht in Eaglais San Nioclás, Gaillimh.
Cuirfidh sé seo tús le camchuairt náisiúnta agus sna seachtainí atá romhainn, tabharfaidh Stiúideo Cuan an léiriúchán go hInis, Béal Feirste agus Baile Átha Cliath.
Tugann an saothar Bóthar na Smaointe le hAoife Ní Bhriain - a cumadh anuraidh - léargas uathúil ar an tionchar a bhí ag an gceol clasaiceach agus ag an gceol traidisiúnta ar an veidhleadóir agus í ag forbairt mar dhuine de na ceoltóirí is cumasaí ar domhan, sa dá stíl ceoil seo.
San iomlán, tá cúig ghluaiseacht sa saothar seo a bhíonn á sheinm ag ensemble de chúigear cheoltóir. Déanann gach gluaiseacht cur síos ar chaibidil ar leith a bhaineann le haistear ceoil Aoife agus úsáidtear réimse leathan fuaimeanna ón gceol traidisiúnta, clasaiceach agus jazz.
Cíorann an saothar eile, An Uile Bhealach Abhaile , a chum Colm Ó Foghlú i 2024, an tionchar a bhí ag ceantar Charna agus Iorras Aithneach air agus é óg.
Tá tionchar láidir ag tírdhreach na gceantar seo ar an saothar seo agus baintear úsáid fuaimeanna an fhidil, an cor anglais agus an chruit le tionlacan ó ensemble téaduirlisí.
“Tá ríméad ar Stiúideo Cuan na mórshaothair thábhachtacha ceoil seo a thabhairt ar camchuairt náisiúnta Fómhar seo,” a dúirt Stiúrthóir Cruthaitheach Stiúideo Cuan, Darach Mac Con Iomaire.
“Gné thábhachtach de pholasaí ealaíne Stiúideo Cuan ná go mbeadh ar a laghad ealaíontóir amháin seasta faoi choimisiún againn. I measc na gcumadóirí a bhfuil coimisiún bronnta againn orthu le blianta beaga anuas, tá Johnny Óg Connolly, Máire Breatnach, Peadar Ó Riada, Colm Ó Foghlú, Aoife Ní Bhriain agus Steve Cooney.”
Tá scoth na gceoltóirí idirnáisiúnta páirteach sa togra ealaíne seo, ina measc tá Aoife Ní Bhriain (Veidhlín ), Colm Ó Foghlú (Pianó ), Patrick Flanaghan (Cor Anglais ), Noreen O’Donoghue (Cruit ), Steve Hamilton (Pianó ), Mick O’Brien (Píb Uilleann ), Dan Bodwell (Olldord ), Stephanie Keane (Damhsóir ) mar aon le Ensemble Téadach an Chaisleáin - Katie O’Conor (Veidhlín ), Aoife Ní Dhornáin (Veidhlín ), Karen Dervan (Vióla ) & Paula
Hughes (Dordveidhil ).