An Mangaire Siúlach i nGaillimh

Beidh an Mangaire Siúlach, Seán Mac Labhraí, i mbun Aonach Leabhair i nGaillimh Dé Sathairn seo chugainn. Is as Iúr Chinn Tráth é Seán agus cáil air fud fad na tíre faoin stór leabhair a bhíonn á dhíol aige, formhór acu atá as cló le fada.

Beidh rogha leathan de na leabhair seo aige ag an Aonach Leabhair, le béim faoi leith ar scríbhneoirí ó Chonamara agus Cúige Chonnacht. Bíonn spéis ag Seán freisin labhairt le daoine a bhfuil sean leabhair le díol acu.

Beidh an tAonach Leabhair ar siúl in Áras na nGael, ag tosú ag 11.00r.n.

 

Page generated in 0.4318 seconds.