Tá Áras na nGael ag eagrú sraith cheardlanna damhsa agus amhránaíocht ar an sean-nós do dhaoine fásta don Fhómhar romhainn agus is féidir clárú anois don dá shraith.
Is ar an Luain, 2 Samhain, a gcuirfear tús lena ceardlanna damhsa ar an sean nós agus leanfaidh siad go dtí an 7 Nollaig, ag tosú ag 7.00i.n. gach tráthnóna.
Beidh na ceardlanna amhránaíochta ar an sean-nós ar siúl gach tráthnóna Déardaoin ag 7.00i.n. agus iad ag tosú Déardaoin 5 Samhain agus ag leanúint ar aghaidh go dtí an 17 Nollaig.
Tá teagascóirí den scoth i mbun na gceardlann agus cáil bainte amach acu ina réimse ealaíne féin. Is í Becky Ní Éalaithe, as Indreabhán, a bheidh i bhfeighil na gceardlann damhsa ar an sean-nós. Is damhsóir den scoth í Becky í féin agus Comórtas Steip ag an Oireachtas buaite aici, mar aon leis an iliomad Gradaim eile.
Is as an Spidéal do Mhairéad Ní Fhatharta a bheidh i bhfeighil na gceardlann amhránaíochta ar an sean-nós, bean a bhfuil Corn na mBan ag an Oireachtas tugtha léi, mar aon le réimse Gradaim amhránaíochta eile.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil agus clárú do na ceardlanna seo ag [email protected].