Cruinnithe poiblí faoi fheachtas tithíochta Ghaeltachta

Reáchtálfar cruinnithe poiblí mar chuid de chamchuairt an fheachtais thithíochta Tinteán in Inis Meáin Dé Máirt seo chugainn, agus i gCois Fharraige Dé Céadaoin.

Tá na hócáidí seo mar chuid de shraith cruinnithe phoiblí chun an ghéarchéim leanúnach tithíochta agus a tionchar ar thodhchaí na Gaeltachta a phlé.

Tabharfaidh na cruinnithe in Inis Meáin agus i gCois Fharraige deis éisteachta agus labhartha don phobal áitiúil faoina gcuid taithí féin maidir leis an ngéarchéim tithíochta, plé a dhéanamh ar na dúshláin shonracha a bhaineann lena gceantair féin agus ceantair Ghaeltachta eile.

Déanfar plé freisin ar an Dréacht-Ráiteas Náisiúnta Pleanála, agus ar bhearta eile a d’fhéadfadh cabhrú leis na fadhbanna sin a réiteach.

Tá an cruinniú in Inis Meáin á eagrú i gcomhar leis an gComhlacht Forbartha agus beidh sé ar siúl i Halla Naomh Eoin ag 8.15in.

Tá an cruinniú Chois Fharraige á eagrú i gcomhar le Bánú agus beidh sa Seomra Cruinnithe ar chúl Séipéal an Chnoic, ag 8in.

 

Page generated in 0.1592 seconds.