Carnevale Éireannach i Verona na hIodáile

Ní raibh MacDara Ó Conaola ag súil leis an toradh a bheadh ar ríomhphost amháin

"Chuir mé ríomhphost acub, níor cheap mé tada," a deir an t-amhránaí MacDara Ó Conaola. Tá an ceoltóir clúiteach as Inis Oírr díreach théis filleadh abhaile ó chathair Verona, in oir-thuaisceart na hIodáile - áit a raibh sé ag glacadh páirte i bhféile idirnáisiúnta Tocatì, le ceiliúradh a dhéanamh ar spórtanna agus ar chluichí traidisiúnta.

Chuile bliain, roghnaíonn lucht eagraithe na féile tír áirithe le bheith mar "aoi speisialta" ann, ach nuair a chuir MacDara ríomhphost chucu anuraidh, ní raibh sé ag súil leis go mbeadh sé ag cuidiú leo toscaireacht ollmhór 200 duine as Éirinn a thabhairt go Verona.

Tá clú agus cáil ar fhéile Tocatì, - focal a chiallaíonn "is leatsa an imirt" i dteanga na Veinéisise, a labhraítear in oirthuaisceart na tíre. Meallann an t-imeacht a mhaireann trí lá suas le 300,000 duine chuig an chathair gach bliain. Ina theannta sin, tá sé tar éis aitheantas a fháil ó UNESCO de bharr na hoibre a bhíonn ar siúl ag lucht na féile le cosaint a dhéanamh ar oidhreacht chultúrtha.

"An chaoi a bhfuair mé amach faoi ná thart ar an am seo anuraidh bhí mé díreach ag breathnú agus chonaic mé an fhéile seo san Iodáil - Tocatì - agus bhreathnaigh sé spéisiúil," a deir MacDara.

"Dúirt mé, ‘má tá suim agaibh riamh rud eicínt Gaelach a dhéanamh, bheinn ar fáil le comhairle a thabhairt daoibh nó dá mbeadh sibh ag iarraidh sampla, d’fhéadfainn cúpla amhrán a rá daoibh'.

"Tháinig siad ar ais a’am agus bhí siad an-dearfach. Théis chúpla cruinniú ar Zoom, dúirt siad go raibh trí nó ceithre thír ar intinn acub don bhliain seo agus Éirinn a bhí mar cheann acub."

Lean rud amháin i ndiaidh a chéile, agus ar deireadh roghnaíodh Éire mar aoi-thír na féile. Rinne MacDara teagmháil le Bord Eorpach an CLG agus shocraigh siad toscaireacht a chur le chéile. Bhí ar MhacDara é féin foireann Ghaeltachta a chur le chéile le ceol agus ceardaíocht a dhéanamh i Verona.

Ní amháin go raibh amhránaíocht ar an sean-nós le cloisteáil i gcathair Verona, ach chuir cuid den fhoireann Ghaeltachta ceardlanna ar bun le geansaithe Árann a chniotáil agus curachaí a dhéanamh.

"Idir damhsa, ceol agus amhráin bhí an Ghaeltacht, go háirithe Gaeltacht na Gaillimhe, go mór i lár an aonaigh," a deir MacDara.

"An rud amháin faoin Iodáil, go háirithe an taobh sin den Iodáil, tá siad fiáin faoi chultúr na hÉireann. Tá scoileannaí damhsa Gaelach ann ar fud oir-thuaisceart na hIodáile; Milan, Verona agus chuile áit.

"Rinne mé féin rang amhránaíochta ar an sean-nós i Milan. Nuair a bhí an fhéile sin thart, thug siad cuireadh dom. Tá na daoine chomh deas, tá siad cosúil linn féin. Bhí neart craic 's dúirt go leor daoine gurbh é seo an ceann is fearr ó thaobh ceangal leis na daoine."

Thug an fhéile freisin deis do na hÉireannaigh i Verona léargas ar leith a fháil ar chultúir eile.

"Bhí an oiread ag tarlú. Féile mhór mhillteach a bhí ann. Chonaic mé mná agus fir ag rásaíocht, agus potaí móra cré ar a gcuid cloigeann - bhí sé sin an-mhaith. Bhí cluichí acub cosúil le Monopoly, ach b’fhéidir leaganachaí níos sinne ná sin," a deir MacDara.

"Bhí muid ag déanamh comparáide idir rudaí Éireannacha agus chas muid le cúpla ceoltóir as an Iodáil, chuir mé glaoch orthu sular ndeachaigh muid anonn ‘s bhí siad breá sásta.

"Is cuma cá dtéann tú, ní chaithfidh tú dul ró-dhomhain le feiceáil gur daoine uileag muid. Is cuma cén teanga atá ann, is cuma cén tír atá ann.

Tá an chuma ar an scéal go bhfuair MacDara léargas ar leith ar chultúr na hÉireann freisin agus é i Verona.

"Ar ndóigh, níl dream ar bith níos fearr ná na hÉireannaigh le meascadh le na daoine. Dúirt siad go raibh an dream eile go deas ach b’fhéidir go raibh siad rud beag níos coimeádaí agus go raibh na hÉireannaigh i measc an phobail, díreach ar nós cluiche sacair thar lear," a deir an t-amhránaí

"Táimid cliste freisin, tuigimid teorainneachaí pearsanta daoine. Bheadh’s a’ainn gan a bheith ag dul thar fóir le daoine, bíonn meas a’ainn ar an gcultúr áitiúil. Brúnn muid é an méid is gur féidir i mbealach dearfach ach thugamar faoi deara gur daoine uileag muid, agus má bhíonn cúpla rud mar an gcéanna le d’áit fhéin - bia nó ceol, nó an chraic - ansin is féidir leat dul áit ar bith ar dhomhan."

Foireann na Gaeltachta ag Tocatì: Pádraig Jack, Micheál Ó Maoilchiaráin, Bríd Áine Ní Chonghaile, Diarmaid Ó hAlmhain, Máirín Ní Chonghaile, Bríd Uí Chonghaile, MacDara Ó Conaola, Colm Seoighe, Éilís Ní Chinnéide, Aisling SheerinFoireann na Gaeltachta ag Tocatì (ó chlé ): Pádraig Jack, Micheál Ó Maoilchiaráin, Bríd Áine Ní Chonghaile, Diarmaid Ó hAlmhain, Máirín Ní Chonghaile, Bríd Uí Chonghaile, MacDara Ó Conaola, Colm Seoighe, Éilís Ní Chinnéide, Aisling Sheerin

Tá áthas ar MhacDara go bhfuair an toscaireacht tacaíocht ó Ardchonsalacht na hÉireann i Milano, agus sheol an tUachtarán Catherine Connolly freisin litir chuig lucht eagraithe na féile lena n-obair a mholadh.

Ach is léir freisin go bhfuil an t-amhránaí sásta gur thug an fhéile an deis dó a thaispeáint do mhuintir na Gaeltachta go mbíonn aitheantas agus meas ann do chultúr na Gaeltachta ar fud an domhain.

"Bhí sé go deas gur thug mé mo chuid gasúr féin liom mar bhí mé ag iarraidh go bhfeicfidh siad go bhfuil an chéad ghlúin eile freisin ag casadh na n-amhrán, agus ag damhsa agus ag leanúint ar aghaidh leis an gcultúr. Thaitin sé sin go mór leo," a deir MacDara.

"Rud a bhí an-tábhachtach dom féin ná an Ghaeltacht a thaispeáint don taobh amuigh, agus freisin a thaispeáint do mhuintir na Gaeltachta go bhfuil meas agus luach le cultúr na Gaeltachta."

Is léir go ndeachaigh féile Tocatì go mór i bhfeidhm ar MhacDara, agus tá fonn air anois féile den chineál seo a bhunú i gContae na Gaillimhe.

"Tá go leor féilte iontach i nGaillimh mar tá’s ag chuile duine, ach má tá suim éinne grúpa a chur le chéile, agus rud eicínt cosúil le Tocatì a bhunú i nGaillimh, bheadh sé go hiontach," a deir sé.

"Bheadh sé go deas ceangal buan a chruthú le Verona go cultúrtha, agus bheadh siad in ann cúnamh a thabhairt dúinn rud mar seo a bhunú. Tá club CLG bunaithe anois i Verona mar gheall ar an bhféile seo - sin an méid a chuaigh sé i bhfeidhm orthu. Tá sé seo ag fás ‘s ag fás, ‘s tá na síolta curtha i go leor bealaí dearfacha mar sin.

"Bhí ceol agus craic, agus bhí damhsa ar na sráideannaí. Bhí sé ar nós Carnevale Éireannach - bhí an aimsir thar cionn, ní fhéadfadh sé a bheith níos fearr. Tá mé iontach sásta gur chuir mé ríomhphost ann bliain ó shin."

 

Page generated in 1.2943 seconds.