Aire sóisearach don Ghaeltacht ag teastáil - Bánú

Deir an brú-ghrúpa tithíochta go bhfuil 'an iomarca ar phláta' an Aire

Tithíocht Ghaeltachta á phlé i dTeach Laighean

Tithíocht Ghaeltachta á phlé i dTeach Laighean

Tá an brú-ghrúpa tithíochta Bánú tar éis achainí nua a chur faoi bhráid Chomhchoiste Gaeltachta an Oireachtais.

I measc na gceithre éileamh atá san achainí atá feicthe ag Sobal, teastaíonn ón ngrúpa go gceapfar Aire Sóisearach Gaeltachta nua de bharr go bhfuil “an iomarca ar a phláta ag an Aire Dara Calleary agus é freagrach don Oireachtas as dhá roinn iomlán stáit.”

Faoi láthair, tá an tAire Calleary mar aire shinsearach ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, agus an Roinn Coimirce Sóisialaí araon.

Deir Bánú nach bhfuil “stiúir ceart polaitiúil ar ghné na Gaeltachta” de bharr an tsocrú seo.

Tuigtear go raibh tionchar láidir ag na dréacht-treoirlínte pleanála nua a d’fhoilsigh an Roinn Tithíochta i rith an tsamhraidh ar an gcinneadh a rinne Bánú an polasaí seo a mholadh.

Thug an tAire Stáit John Cummins le fios don Chomhchoiste Tithíochta an tseachtain seo caite, gur Roinn na Gaeltachta a thug ceannasaíocht ar an gcuid den ráiteas seo a bhaineann leis an nGaeltacht.

Nuair a foilsíodh iad, tharraing na dréacht-treoirlínte Gaeltachta cáineadh ó fheachtasóirí agus ó pholaiteoirí an rialtais agus an fhreasúra araon – de bharr go raibh imní ann go laghdódh sé na cosaintí teanga atá ann maidir le tithe nua a bhíonn á thógáil.

De réir na ndréacht-treoirlínte seo, bheadh ar dhaoine sa nGaeltacht a bhfuil Gaeilge líofa acub, agus atá ag iarraidh teach aonarach nua a thógáil ar a dtalamh féin, glacadh le srianta pleanála níos géire ná mar a bheadh ann taobh amuigh den Ghaeltacht.

Aisteach go leor, tá an chuma ar an scéal ó chuid den fhoclaíocht atá sna dréacht-treoirlínte seo go mbeadh níos éasca do dhuine as an nGaeltacht teach a thógáil i gceantar Gaeltachta i gcontae nárbh as dóibh ná ina gceantair dhúchais féin.

Faoi láthair, i gCois Fharraige bíonn ar fhorbróirí 80% de na tithe in aon fhorbairt il-aonad tithíochta a chur ar fáil do dhaoine a shásaíonn an coinníoll teanga.

Dar le Bánú, laghdódh an céatadán seo go 58% más rud é go gcuirfí na dréacht-treoirlínte pleanála i bhfeidhm gan athrú ar bith.

Agus é ag labhairt os comhair Comhchoiste Gaeilge agus Gaeltachta an Oireachtais, Dé Máirt, dúirt Donncha Ó hÉallaithe ó Bhánú go fadhb ann le Roinn na Gaeltachta más rud é go raibh siad ag moladh polasaithe a dhéanfadh dochar don Ghaeltacht.

"Bheadh muid ag súil go mbeadh Roinn na Gaeltachta ar a míle dícheall ag iarraidh an Ghaeilge a chosaint ... ach is a mhalairt a tharla sa gcás seo. Tá fadhb againn le Roinn na Gaeltachta," a dúirt sé.

"Inár dtuairim, tá easpa threoir pholaitiúil i Roinn na Gaeltachta le súil a choinneáil ar céard atá ag tarlú."

"Bheadh Aire Sóisearach in ann am a chaitheamh ag déileáil le Roinn na Gaeltachta, lena cinntiú, i dtosach báire, nach mbeadh aon treoirlínte pleanála teanga á eisiúint a bheadh ag déanamh dochair don Ghaeltacht."

Agus é i láthair ag cruinniú an Chomhchoiste freisin, chuir an Teachta Dála Seán Kyne (FG ) ceist ar Ó hÉallaithe faoin éileamh atá ag Bánú, cumhachtaí tithíochta a thabhairt d'Údarás na Gaeltachta.

Dúirt an Teachta Kyne, "Dúirt tú nach bhfuil an Roinn ag ligint don Údarás ról lárnach a bheith acu i dtithíocht, ach níl mé soiléir go bhfuil an tÚdarás ag lorg an ról sin nó an chumhacht sin i mo thuairim."

“B’fhéidir go bhfuil mé mícheart, ach níl aon rud feicthe agam go bhfuil siad ag lorg an róil sin.”

Mar fhreagra, dúirt Ó hÉallaithe, "Bheadh sé an-deacair d’Údarás na Gaeltachta dul in aghaidh na Ranna agus an tAire chuile lá den tseachtain

"Nuair a bhí Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta os comhair an Chomhchoiste Tithíochta, dúirt sé go han-soiléir... pé rud a iarrfar ar Údarás na Gaeltachta a dhéanamh, le réiteach a fháil ar an bhfadhb thithíochta, déanfaimid é."

Mar fhreagra ar seo, dúirt an Teachta Kyne, "Níl a fhios agam faoi sin, ach b'fhéidir."

Tuigtear go measann an tÚdarás go mbeadh costas €650 míle in aghaidh na bliana i gceist, le go mbeadh sé in ann foireann do rannóg thithíochta a fhostú.

 

Page generated in 2.2632 seconds.