Craoladh an chéad chlár de Aperitíf aréir ar TG4, sraith nua cleamhnais a bheidh á thaispeáint gach Céadaoin ag 9.30i.n. ó seo go tús mhí na Samhna.
Tugann an clár deis do rannpháirtithe casadh le triúr eile atá singil le linn an chúrsa thosaigh, an phríomhchúrsa agus na milseoige. Ag deireadh an bhéile, tugtar an deis dóibh duine den triúr a roghnú má tá fonn orthu iad a fheiceáil aríst.
Is iad Mairéad Ní Chuaig agus Cuán De Búrca atá mar láithreoirí ar an tsraith agus iad ag treorú, ag mealladh, ag cothú agus ag spreagadh gach duine, ag súil go gcothófar splanc an ghrá agus go mbeidh an toradh cuí ar an tsuirí ar fad.
Áfach, tá neart ann atá éagsúil faoin gclár nua seo dar le Mairéad.
“Is ionann Aperitíf agus meascán de First Dates, Club na Féile ag an Oireachtas, agus Tigh Josie ar an gCeathrú Rua siar sna 1990idí," a dúirt an láithreoir agus í ag labhairt di le Sobal .
"Níl Willie Daly agus Féile Lios Dhún Bhearna ach in áit na leathphingine maidir le cleamhnais a chothú i gcomparáid le Aperitíf. Is sraith é seo freisin ar féidir leis an gclann ar fad suí síos in éindí chun breathnú air.
“Chuireamar romhainn sraith a dhéanamh a bhí lán le rómáns, le grá, le spreagadh agus le spraoi, ag súil go dtabharfaidh sé briseadh beag don lucht féachana óna scéalta uafáis atá buailte orainn gach lá den tseachtain,"
"Creidim gur éirigh linn é sin a dhéanamh agus bhain mé féin, agus mo leathbhádóir Cuan, an-spraoi go deo ag cur na sraithe seo le chéile. Ach chomh maith leis an spraoi, chuaigh dáiríreacht na ndaoine a bhí linn ar na cláir ar fad i bhfeidhm orainn go mór agus an spéis a bhí acu bualadh le páirtí nua, ag súil go leanfar leis an gcaidreamh leo agus an béile ite acu.”
Gné eile a chuaigh i bhfeidhm ar Mhairéad nó go raibh na rannpháirtithe bréan den saol cleamhnais ar líne agus na haipeanna uileag, agus go raibh rud eicínt níos doimhne ag teastáil uathu.
“Dúirt siad linn go raibh siad ag iarraidh bualadh le gnáthdhaoine san fhíorshaol agus comhrá aghaidh ar aghaidh a bheith acu, seachas a bheith de shíor ag seoladh téacsanna agus teachtaireachtaí ar líne chuig a chéile. Dúirt siad linn freisin go raibh sé sin ar cheann de na fáthanna ar chuir siad spéis in Aperitíf," a mhínigh Mairéad.
"Bhí sé suntasach freisin go raibh spéis ag gach duine a bhí linn bualadh le páirtí i nGaeilge agus gur spreag sé sin iad freisin spéis a chur sa tsraith. Labhair cuid acu faoi spéis a bheith acu clann a thógáil le Gaeilge agus roinnt eile a bhí ag iarraidh cur lena gcumas féin sa teanga."
"Is cláir uair a chloig a bheidh á chraoladh againn, rud a chinnteoidh go mbeidh deis ag an lucht féachana aithne mhaith a chur ar gach duine atá páirteach sna cláir. Táim cinnte go mbeidh pobal TG4 thar a bheith tógtha lena scéalta pearsanta a bheidh le feiceáil ar a scaláin. Beidh le feiceáil freisin ar ndóigh faoin líon cleamhnais a tháinig as an tsraith.”