Tuairimí á lorg ag An Taibhdhearc

Tá suirbhé ar líne seolta ag An Taibhdhearc chun tuairimí an phobail a lorg maidir leis an straitéis nua á dhréachtú acu don tréimhse 2028-2031.

Tabharfaidh an suirbhé seo deis do dhaoine a dtuairimí a roinnt faoi obair na hamharclainne agus moltaí a thabhairt maidir leis an gComóradh Céad Bliana a bheidh á cheiliúradh ag An Taibhdhearc i 2028.

Faoi láthair tá An Taibhdhearc ag feidhmiú de réir straitéis Síolta 2025-2027, agus mar chuid obair seo, léiríodh an ceoldráma Saoirse léiríodh a bheidh le feiceáil in Amharclann na Mainistreach an mhí seo, mar chuid d’Fhéile Imill Bhaile Átha Cliath

Beidh an suirbhé ar fáil go dtí an 9 Deireadh Fómhair ar shuíomh na Taibhdheirce, ag www.antaibhdhearc.com/suirbhe2026

 

Page generated in 0.4233 seconds.