Cuirfidh Club Scannán Sailearna tús le séasúr nua scannán in Amharclann Chois Fharraige [Seanscoil Sailearna] an tseachtain seo chugainn.
Idir sin agus tús mí na Nollag, déanfar 10 scannán nua i dteangacha éagsúla a thaispeáint gach Déardaoin ag 8.15i.n sa tSeanscoil.
Le tús a chur leis an séasúr ar an Déardaoin seo chugainn taispeánfar Vie privée / A Private Life, scannán nua Fraincise le Jodie Foster agus Daniel Auteuil sna príomhpháirteanna. I measc na scannán eile ar an liosta don séasúr tá Báite, scannán nua i nGaeilge, a bheas á thaispeáint ar an 1 Deireadh Fómhair, mar chuid d'imeachtaí Fhéile Chois Fharraige.
Gearrtar €10 an scannán aonair ag an doras, ar dhaoine nach bhfuil ballraíocht acu. Áfach, is féidir clárú mar bhall den Chlub Scannán ar an suíomh www.clubscannan.ie nó ag an doras le cárta nó airgead tirim.
Tá costas €40 do dhuine aonair nó €70 do chúpla ar bhallraíocht agus tugann cead isteach do na scannáin ar fad le linn an tséasúir.