Gráinne Mhaol ag teacht thar sáile aríst

Fillfidh an bhanríon mhara clúiteach Gráinne Mhaol Ní Mháille ar Chúige Chonnacht aríst nuair a léireofar an dráma nuascríofa Misneach na mBanríon i gCaisleán Achadh an Iúir, Uachtar Ard, oíche Dé hAoine.

Tá an dráma aonghnímh seo leis an drámadóir Caitríona Lane, bunaithe ar an gcruinniú stairiúil a tharla idir Gráinne Mhaol agus Banríon Shasana Éilis I - nuair a d’éirigh leis an laoch Connachtach áitiú uirthi a ngaolta gafa a scaoileadh saor.

Cuirtear béim shuntasach ar rannpháirtíocht na mban sa léiriúchán seo agus i measc na n-aisteoirí atá sa gcliar beidh Theresa Ní Argáin, Aela Ní Ghaoithín agus Caoimhe Bhán Ní Chualáin.

Ina theannta sin, cuirfidh an cláirseoir Natalie Surina go mór le hatmaisféar an dráma le ceol beo, agus Ruth Egan a bheidh i gceannas ar chúrsaí fuaime.

Bhí cuid den chliar páirteach i réamhléiriúchán den dráma a rinne an compántas drámaíochta, Na Cleasaithe, in Áras na nGael, i rith an tsamhraidh. Beidh an compántas seo ag filleadh aríst ar Chontae na Gaillimhe nuair a chuirfidh siad leagan aistrithe den dráma Caitlín Ní Uallacháin, leis an mBantiarna Gregory, ar stáitse i gCaisleán Thúr Bhaile Uí Laí, an Gort, mar chuid de Thionól Fómhair Gregory-Yeats ar an 26ú Meán Fómhair.

Tá Misneach na mBanríon á léiriú mar chuid d’Oíche Chultúir, agus mar sin beidh sé saor in aisce ach is féidir ríomhphost a chur chuig [email protected] le suíochán a chur in áirithe.

 

Page generated in 0.1151 seconds.