Tá bláthanna an tsamhraidh imithe ‘s tá na laethantaí ag druidim isteach, ach tá an lon dubh anois le feiceáil ar na driseachaí ag alpadh siar na bpuiteachaí- nó na sméara dubha mar a thugtar orthu taobh amuigh d’Inis Meáin.
Ar ndóigh cuirfidh muintir an oileáin fáilte roimh theacht an fhómhair an deireadh seachtaine seo nuair reáchtálfar Féile na bPuiteachaí aríst, le ceiliúradh a dhéanamh ar dhúlra, oidhreacht agus cultúr na háite.
"Ní maith liomsa riamh na bláthannaí a fheiceáil ag imeacht. Ach gheallfadh sé do chroí na puiteachaí a fheiceáil ar na driseachaí - agus níos deise fós ná na daoine a fheiceáil á bhaint ar thaobh na mbóithre. Is deas é sin agus bíonn deis ag an bpobal labhairt le chéile," a deir bunaitheoir na féile, Aedín Ní Thiarnaigh.
Seo é an cúigiú bliain den fhéile atá ag dul ó neart go neart ó cuireadh tús leis i 2022. Ar ndóigh tá clár imeachtaí spleodrach ullmhaithe ag an gcoiste, le comórtas bácála, ceardlann chaoladóireachta agus oíche bhothántaíochta.
"'Sí Féile na bPuiteachtaí an t-aon fhéile in Éirinn a dhéanann ceiliúradh ar an sméar dubh, creid é nó ná creid," a deir Aedín.
“An rud a spreag an fhéile é féin ná an focal ‘puiteachaí’. B’shin é a chuir muid ag smaoineamh mar is focal speisialta é a bhaineann le hInis Meáin agus mar sin, táimid á úsáid mar mheafar ar an uathúlacht agus saibhreas an oileáin.
“Chuile bhliain freisin, is maith linn rud difriúil a shníomh isteach sa gclár - le ceiliúradh a dhéanamh ar scil éigean atá le fáil in Inis Meáin.
"An chéad agus an dara bhliain, bhí comórtas filíochta agus amhránaíochta. Ach ina dhiaidh sin, rinne muid puiteachaí a chróiseáil, mar tá scileanna cróiseála thar barr in Inis Meáin."
Oidhreacht an oileáin
Ní amháin go dtugann an fhéile deis do mhuintir an oileáin ceiliúradh a dhéanamh ar a n-oidhreacht féin ach tugann sé deis speisialta dóibh seantraidisiúin agus cultúr Inis Meáin a chaomhnú. I mbliana, athbheofar seanstíl caoladóireachta le tuí agus driseachaí a bhíodh á chleachtadh ann fadó.
"Ag ceann de na féilte eile blianta siar, tháinig duine de na mná ar an oileán chugam agus dúirt sí, 'Bhfuil a fhios agat go ndéanadh ciseogaí tuí le driseachaí ach tá an nós sin imithe'," a deir Aedín.
"Is ciseoigín speisialta é a dhéantaí sna hOileáin Árann - an chiseog thuí a thugtaí air. Tuí a bhíodh ann ach bhíodh creatlach na ciseoga déanta le driseachaí. Bhí mise ar bís ansin é sin a chloisteáil mar ní raibh sé feicthe agam agus ní bhíonn a fhios ag daoine mórán faoi.
"Bhí muid ag iarraidh é sin a thabhairt isteach sa bhféile agus an fhéile a úsáid mar saghas leithscéal chun athbheochan a chur faoin traidisiún sin, é a cheiliúradh agus an oidhreacht sin a chaomhnú.
"Táimid ar bís go bhfuil sean-chiseog aimsithe againn a rinne fear atá caillte anois ach tá a mhac sna 60idí, agus bhí an chiseog aige. Tá sé chomh mór le bosca bruscar beag a bheadh faoi dheasc. Tá an tuí ina lár agus driseachaí fite fuaite tríd."
Míníonn Aedín freisin go mbíodh feidhm speisialta ag baint leis na ciseogaí seo agus go n-úsáidtí iad chun fataí bruite a thabhairt amach chuig na fir a bhíodh ag obair amuigh faoin aer agus go ndéanadh an tuí insliú ar na fataí chun iad a choinneáil te.
D’úsáidtí na ciseogaí chomh maith chun uibheachaí a iompar de bharr go mbíodh an tuí bog. Ar ndóigh, tá lucht eagraithe na féile théis neart seanchais ó Inis Meáin a bhailiú thar na blianta.
"Bliain eile rinne muid bailiúchán béaloidis speisialta ag Féile na bPuiteachaí mar gheall ar thorthaí an fhómhair," a mhíníonn Aedín.
"Ní amháin faoi na puiteachaí ach faoi na hairní, na sceachóirí - agus na toir ar a bhfásann na torthaí sin; an sceach gheal agus sceach airní [mar a thugtar ar an draighean ar Inis Meáin]."
"Tá go leor seanchais faoi na rudaí sin agus beimid á roinnt sin arís i mbliana i mbealach difriúil, mar tá an chéad oíche den fhéile ag titim ar Oíche Chultúir."
Subh, milseogaí agus fataí móra
Mar chuid den imeacht d’Oíche Chultúir, beidh ceardlann déantús suibhe a dhéanamh ag Aedín í féin agus tá an chuma ar an scéal go bhfuil sí ag tnúth go mór leis.
"Ag deireadh na hócáide sin, beidh subh mhilis, úr, bhlasta réidh againn - é fós te - agus táimid chun é a ithe ar cháca aráin," a deir sí go gealgháireach.
Ar ndóigh, tá lucht eagraithe na féile ag súil go mór leis an iomaíocht ghéar a bhaineann leis an dá chomórtas mhór a bheidh ar siúl Dé Sathairn; an comórtas bácála agus an comórtas don fhata is mó.
"Bíonn an dúshlán roimh dhaoine milseog a bhácáil sa bhaile leis na puiteachaí mar phríomh-chomhábhar ann, é sin a thabhairt go dtí an halla ar an lá agus bíonn moltóir againn a théann timpeall agus a bhlaiseann chuile rud," a mhíníonn Aedín.
"Chomh luath is atá an comórtas críochnaithe agus na buaiteoirí fógartha, bíonn an deis ag an bpobal iad a bhlaiseadh. Taitníonn sé sin thar barr le daoine agus ansin bíonn siad ag fáil smaointí don chéad bhliain eile.
"Ar ndóigh ní bheadh fómhar in Inis Meáin gan fhata, agus theastaigh uainn mar sin na fataí a thabhairt isteach chuig an bhféile. Comórtas an-shimplí ach ina bhfuil fíor-iomaíocht ann. Ní chreidfeá an meáchan mór a bhí ag cuid de na fataí le blianta anuas."
Cé go bhfuil deireadh tagtha anois le laethanta breátha, brothallacha an tsamhraidh, taispeánann Féile na bPuiteachaí dúinn go bhfuil sé fiúntach fós áilleacht an dúlra a thabhairt faoi deara i rith na bliana ar fad.
"Déanann sé maitheas dúinn féachaint ar na séasúir agus ceiliúradh a dhéanamh ar na séasúir sílim. Sin an chaoi a mbíodh rudaí fadó agus sin an rud gur mhaith linn a dhéanamh in Inis Meáin i gcónaí," a deir Aedín.