Oidhreacht na staire - Paradacsa polaitíochta agus dúshlán ealaíne

Sa Spidéal a bhí mé an deireadh seachtaine seo caite d’Fhéile John Ford - imeacht a rinne ceiliúradh ar cheann de stiúrthóirí scannán is mó le rá ón 20ú haois.

“Ó Finneadha” nó “Feeney” an fíor-shloinne a bhí ar John Ford agus b’as an Spidéal dó a athair agus Árainn di a mháthair. Is léir go raibh tionchar an-láidir ag an nasc seo le hÉirinn ar Ford, agus spreag sé cuid de na scannáin ba rathúla a stiúir sé cosúil le The Quiet Man agus The Informer.

Ach aisteach go leor, ag féile an deireadh seachtaine seo caite taispeánadh scannán dá chuid a bhí suite in Éirinn ach a sheasann amach de bharr nár éirigh go maith leis ar chor ar bith; The Plough and the Stars - léiriúchán a bhí bunaithe ar dhráma clúiteach Sheáin O’Casey.

Cé go raibh Ford dílis don fhriotal a d’úsáid O’Casey, thug sé cuntas i bhfad níos rómánsaí ar Éirí Amach 1916 agus sheachain sé cuid mhór den aoir pholaitiúil a bhí le fáil sa mbundráma - rud a luaigh an tOllamh Adrian Frazier ó Ollscoil na Gaillimhe agus é i mbun comhrá théis an taispeántais i Scoil Éinne sa Spidéal.

Ar ndóigh nuair a eisíodh an scannán - thart ar 10 mbliain théis a spreag dráma O’Casey círéibeacha in Amharclann na Mainistreach i mBleá Cliath i 1926 - níor éirigh leis dul i bhfeidhm ar luchtanna féachana i Meiriceá.

Níor thuig siad cén fáth go raibh ceiliúradh á dhéanamh ar eirí amach a theip air, agus i ndáiríre níor éirigh go maith le Ford an léargas rómánsach a bhí aige ar an éirí amach a nascadh leis an mbéim a leag O’Casey ar an bhfulaingt a chruthaíonn foréigean.

Chonaic mé féin an dráma ar stáitse don chéad uair ariamh cúpla mí ó shin in Amharclann na Mainistreach. Caithfidh mé a admháil áfach, nuair a bhí mé ag caint le mo chara sa bpub ina dhiaidh, bhí deacrachtaí a’am í a fhreagairt i gceart nuair a chur sí ceist orm faoi mo thuairim maidir le príomh-theachtaireacht an dráma.

Aisteach go leor, spreag an cheist seo neart díospóireachta i measc an lucht féachana a d’fhreastail ar an scannán sa Spidéal, agus d’admhaigh duine nó beirt eile go raibh na deacrachtaí céanna acub - rud a thug neart faoisimh dom.

B’fhéidir go dtugann sé seo le fios an dúshlán ealaíona a bhíonn ann nuair a bhíonn saothar suite i suíomh stairiúil. Nuair a chruthaítear saol atá ficseanúil ina iomláine, bíonn feidhm áirithe ag baint le chuile eachtra agus cuireann sé le hinseacht an scéil.

Ach i gcomhthéacs na staire, ní tharlaíonn eachtraí ar mhaithe le scéal a inseacht. Mar sin caithfear béim a leagadh ar na sonraí is suntasaí a bhaineann leo, agus is minic a bhíonn tuiscintí difriúla, neamhréitigh agus fiú paradacsaí ag baint le seo. Is iontaí fírinne ná finscéal.

Ar ndóigh, léiríonn an bundráma sár-thuiscint ar chuid de na paradacsaí seo - de réir mar a bhaineann siad le saol an lucht oibre in Éirinn i 1916.

I measc na gcaraictéirí a bhíonn le feiceáil, bíonn sóisialach diongbháilte ann a spreagann gáire ó dhaoine eile den lucht oibre mar ní théann an téarmaíocht theicniúil a bhaineann sé úsáid as i bhfeidhm orthu. Déantar cur síos freisin ar bhean Phrotastúnach atá dílis don Bhreatain ach a fhaigheann bás ar deireadh nuair lámhachann saighdiúir Briotanach í.

I saol na polaitíochta, is annamh go mbíonn an tsaoirse ann iniúchadh a dhéanamh ar an íoróin ar fad a bhaineann le heachtraí stairiúla a bhfuil suntas polaitíochta ag baint leo.

Tá an cathú ann freisin do dhream ar bith sa bpolaitíocht úinéireacht a ghlacadh ar an oidhreacht stairiúil a bhaineann leis na heachtraí seo agus cur síos simplí a dhéanamh orthu i gcaoi atá feiliúnach dóibh féin.

Léiríonn sé seo an fiúntas agus an tábhacht a bhaineann leis an ealaíon i gcomhthéacs na staire agus na polaitíochta.

Maidir le príomh-theachtaireacht The Plough and the Stars, sílim gur bhain O’Casey úsáid as íoróin a bhaineann le gnéithe áirithe den náisiúnachas le haird a tharraingt ar an gcruatan a bhain le saol an lucht oibre i mBleá Cliath i 1916.

I ndáiríre, is é seo an rud a tharraingíonn na caraictéirí ar fad le chéile níos mó ná rud ar bith eile. Is dóigh go raibh sé níos éasca áfach do O’Casey an léargas seo a chur in iúl ar stáitse ná sa bpolaitíocht - in ainneoin John Ford.

 

Page generated in 0.4538 seconds.