Tá sé fógartha go gcuirfear tús le hobair thógála taobh amuigh de Scoil Sailearna in Indreabhán Mí Feabhra seo chugainn, le go mbeidh sé níos sábháilte do dhaoine siúl nó rothaíocht a dhéanamh ag an scoil.
Fógraíodh go bhfuil sé beartaithe go mbeidh tairiscintí don obair seo ag dul amach roimh dheireadh na bliana, ag cruinniú de chuid Chomhairle Chontae na Gaillimhe do Cheantar Bardasach Chonamara, Dé hAoine seo caite.
Tuigtear go mbeidh trasrian á thógáil ar an mbóthar taobh amuigh den scoil ach tá sé le deimhniú fós más rud é go mbeidh soilse tráchta nó soilse oráiste á chur leis, nó má dhéanfar athchóiriú ar na cosáin.
Tá pobal na scoile tar éis a bheith i mbun feachtais le dhá scór bliain anuas chun obair mar seo a chur ar bun agus dhá bhliain ó shin, tugadh cead don scoil páirt a ghlacadh sa gclár "Bealaí Sábháilte chun na Scoile", tionscnamh rialtais a chuireann maoiniú ar fáil do thograí mar seo.
Ag labhairt di le Sobal, dúirt cathaoirleach bhord bainistíochta Scoil Sailearna, Siobhán Ní Ghadhra, gur chuir pobal na scoile fáilte roimh an bhfógra seo.
"Táimid thar a bheith sásta faoi sin mar go mbeidh sé níos éasca ag daoine sa bpobal agus pobal na scoile bóthar a sheasú go sábháilte," a dúirt sí.
"Tá sé thar a bheith contúirteach. Aon duine a bhfuil aithne acub ar an bpíosa bóthair sin taobh amuigh de Scoil Sailearna, i ndáiríre ‘sé an chéad phíosa díreach bóthair é nuair a ghabhann tú siar thar an Spidéal.
"Tógann daoine an deis dul thart carranaí eile. Tá mé féin i mo chónaí sách gearr don scoil, agus tá sé le tabhairt faoi deara go bhfuil méadú mór tagtha ar líon an tráchta.
Dúirt Ní Ghadhra freisin go raibh sé deacair don scoil a bpolasaithe timpeallachta a chomhlíonadh agus a mholadh do thuismitheoirí taisteal chun na scoile lena bpáistí gan charr.
"Táimid ag iarraidh freisin, mar chuid de pholasaí na scoile, a rá le daoine siúl chun na scoile seachas a bheith i gcarranaí an t-am uileag - ó thaobh na timpeallachta de," a dúirt sí.
"Ach tá sé an deacair é sin a rá le daoine nuair atá sé chomh contúirteach sin agus ní féidir le daoine a bheith muiníneach go bhfuil na páistí atá amach ar an mbóthar sábháilte."
Ina theannta sin, dúirt Ní Ghadhra go bhfuil súil aici go ndéanfar athchóiriú ar na cosáin ar thaobh an bhóthair taobh amuigh den scoil mar chuid den obair seo.
"Déarfainn féin go bhfuil géarghá ann iad a leathnú, mar tá siad cúng mar atá siad. Tá sé deacair - fiú dá mbeadh páiste ar rothar, níl go leor spáis ann," a dúirt sí.
Chuir polaiteoirí áitiúla fáilte roimh an bhfógra freisin go gcuirfear tús leis an obair seo.
"Bheadh muid ag cur fíor-fháilte roimhe, mar tá’s ag duine ar bith a thaistealaíonn an bóthar sin go bhfuil trácht an-throm air," a dúirt an Comhairleoir Máirtín Lee (FF ), agus é ag labhairt le Sobal.
"Idir an trácht atá ar an mbóthar agus an trácht a bhíonns ann le tuismitheoirí ag teacht agus ag imeacht ón scoil, bhí sé contúirteach an chaoi go raibh sé."
Tuigtear gur cuireadh tús le hobair den chineál seo taobh amuigh de Scoil na bhForbacha an tseachtain seo. Ina theannta sin, fógraíodh an tseachtain seo caite go bhfuil Scoil Shéamais Naofa i mBearna anois ar liosta do scéim maoinithe faoin gclár "Bealaí Sábháilte chun na Scoile", agus go bhfógrófar níos mó sonraí faoi seo sa todhchaí.