Bí Liom Bí: Aistear ceoil trí Chonamara, Corcaigh agus an Clár

Labhraíonn Becky Ní hÉallaithe agus Muireann Ní Shé le Sobal faoi céard a spreagann a bhfuaim éagsúil

“Is maith linn spás a thabhairt don cheol, spás a thabhairt do na hamhráin, le go mbeidh an scéal le brath - agus an íomhá atá le feiceáil, go bhfeileann an ceol dó.”

Déanann an ceoltóir agus rinceoir Becky Ní hÉallaithe as Indreabhán i gConamara, cur síos ar an gcur chuige atá aici agus a comrádaithe ceoil í i dtaobh na fuaime a bhíonn siad ag iarraidh a chruthú, agus an tsraith ceolchoirmeacha Bí Liom Bí idir lámha acub. 

Théis di an comórtas rince Steip a bhuachaint ag Oireachtas na Samhna anuraidh, tá Becky ag tabhairt faoi dhúshlán ceoil nua an mhí seo agus í ar camcuairt timpeall na tíre in éindí le beirt bhan óg eile atá sa mbanna ceoil léi - an píobaire agus amhránaí Muireann Ní Shé as Contae Chorcaigh, agus an cláirseoir, seinnteoir consairtín agus cumadóir Aisling Lyons as Contae an Chláir.

Chuir an triúr cheoltóir aithne ar a chéile agus iad ag glacadh páirte i gcamchuairteanna Nollag sa nGearmáin thar na blianta, ach chuir sé seo tús le cairdeas ceolmhar atá anois faoi bhláth.

“Sin an chaoi ar thosaigh rudaí anseo, mar gheall ar an gcairdeas a bhí eadrainn agus mar gheall ar an teanga cheolmhar a bhí eadrainn freisin, rud a bhí an-nádúrtha,” a deir Becky.

Baineann Muireann gáire as a comrádaí áfach nuair a deir sí, “Agus an triúr againn a bhíodh fágtha i gcónaí ag deireadh na hoíche.”

Nuair a cuireadh ceist orthu ceolchoirm a dhéanamh anuraidh san ionad ealaíona Glór in Inis, Contae an Chláir, thug sé seo deis don triúr seiteanna a chur le chéile mar ghrúpa don chéad uair. Ach tá an chuma ar an scéal go bhfuil siad ag dul ó neart go neart agus iad ag aimsiú a bhféiniúlachta mar bhanna ceoil.

Díríonn na mná ar sheiteanna fada, leanúnacha a leagann béim ar na hamhráin, ar fhuaimeanna éagsúla a n-uirlisí agus ar an rince chun atmaisféar séimh, nádúrtha agus machnamhach a chruthú a chuireann an lucht éisteachta faoi gheasa.

“Táimid ag iarraidh an ceol agus na hamhráin a chur i láthair i gcaoi atá oiriúnach dúinn. Braithim nuair atáimid ag seinnt lena chéile, ár bhfuaim féin atá ann,” a deir Muireann.

“Nílimid díreach ag iarraidh an t-amhrán a chanadh, táimid ag iarraidh íomhá a chruthú.”

Mar chuid den chéad seit a sheinneann an grúpa, casann Aisling an fonn mall “The Mist Covered Mountains of Home” ar an gcláirseach chun atmaisféar draíochtúil a chruthú sula ndíríonn Muireann ar an amhrán mór le rá, “Aililiú na Gamhna.”

“Téann an dá phíosa le chéile, ‘sé sin an chéad fhuaim a chloiseann gach éinne,” a deir Muireann.

“De réir a chéile tagann gach rud isteach. Is maith liom an íomhá seo de na gleannta agus an ceol, agus ansan tagann na focla ón gcailín so atá tar éis pósadh, agus tá sí in áit éigean difriúil anois agus tá sí ag smaoineamh siar ar a bheith sa bhaile.”

Míníonn an Corcaíoch freisin go mbaineann sí úsáid as píobaí uilleann atá tiúnáilte go gléas níos ísle ná mar a bhíonn ag gnáth-sheisiúin ceoil - rud a chuireann go mór le fuaim an ghrúpa.

“Seinnim seit atá i ‘C’, bíonn na cailíní cráite agam… ach tá sé go hálainn. Is maith liom an fhuaim níos doimhne sin, níos boige,” a deir sí.

Ar ndóigh, tá codarsnacht ar leith ann idir fuaim, bhog, mhachnamhach an bhanna agus an luas lasrach a bhaineann leis an gceol a chastar go minic ar bhoscaí ceoil Chonamara - agus bíonn tionchar aige seo ar an rince dar le Becky.

“De bharr go bhfuil an bhunchloch ann leis an gceol, i mbealach athraíonn sé sin an damhsa mar tá tú ag cur le rud eicínt atá séimh agus machnamhach,” a deir sí.

“Tá spás ann. Ní bhaineann sé le luas nó an méid torainn atá ag tarlú. Cruthaíonn sé rud difriúil.”

Áit a n-airíonn an banna ceoil go bhfuil codarsnacht ar leith le brath eatarthu mar cheoltóirí ná sna hamhráin, de bharr na stíleanna difriúla a bhaineann le na ceantair éagsúla.

“Sa lá atá inniu ann, sa gceol traidisiúnta, seans go bhfuil na stíleannaí nó na tiúineannaí a bhaineanns le na ceantracha difriúla uileag ar eolas ag chuile duine. Ach sna hamhráin, b’fhéidir nach mbeadh. Sin an áit a n-aithnímid go bhfuil láidreacht sa gceantar,” a deir Becky.

Aontaíonn Muireann leis an léargas seo. “Tá sé go hálainn go bhfuilimid in ann amhrántaí ó Chúige Mumhan a rá. Ansan, bheadh Becky ag teacht isteach le ceann ó Chonamara. Tá an chodarsnacht sin go deas,” a deir sí.

Tá sé deacair a chreidiúint, ach níor thosaigh Becky agus Aisling ag rá amhrán go poiblí le blianta beaga anuas, agus luann Becky an seisiún ceoil a bhíonn ar siúl oíche Déardaoin i dTigh Mholly in Indreabhán mar thionchar mór a bhí uirthi.

“Tá an seisiún sin i dTigh Mholly an-speisialta mar gheall gur tugadh cuireadh dom amhrán a rá. Is dóigh gur tháinig amhrán amach agus ansin an tseachtain ina dhiaidh sin, tugadh an cuireadh aríst agus lean sé ar aghaidh. Spás álainn a bhí ann le hamhrán a rá agus a thriáil,” a deir sí.

Aisteach go leor, spreag an cinneadh a rinne Becky agus Aisling triail a bhaint as an amhránaíocht, ainm na camchuairte. Baineann an grúpa úsáid as teideal atá ar shean-amhrán a d’aimsigh Aisling nuair a bhí sí ag cuairtiú amhrán a canadh i gContae an Chláir fadó.

“De bharr go raibh go leor le n-aimsiú ó Chonamara agus ó Chorcaigh ó thaobh na n-amhrán de, bhí muid ag iarraidh amhrán a aimsiú ó Chontae an Chláir agus d’aimsigh Aisling amhrán álainn. ‘Bí Liom Bí’ an t-ainm a bhí air, amhrán oibre a bhí ann,” a deir Becky.

“Níl sé i bhfad ó bhí na hamhráin sin ann agus mar chuid den traidisiún beo. Is deas an rud é sin, aitheantas a thabhairt dó sin sa seit.”

Beidh ceolchoirm de chuid Bí Liom Bí le feiceáil ar stáitse in Amharclann Chois Fharraige (Seanscoil Sailearna ), Indreabhán, oíche Dé Sathairn ag 8i.n.

 

Page generated in 0.1084 seconds.