SAOIRSE – Ceoldráma Nua / A New Musical

Cuireann an Taibhdhearc an chéad taibhiú den cheoldráma SAOIRSE i láthair ón 10 – 26 Iúil mar chuid d’Fhéile Ealaíon Idirnáisiúnta na Gaillimhe. Suite i nGaeltacht Chiarraí, is ceoldráma greannmhar, croíúil é SAOIRSE a cheiliúrann an chéadsearc agus an chéad bhriseadh croí.

Deasghnáth aistriú saoil do chuid mhór daoine atá sna samhraí a chaitear sa Ghaeltacht. Bíonn sceitimíní le brath san aer nuair a thagann céad samhradh na saoirse. Tá ceisteanna móra an tsaoil á gcíoradh ag Saoirse, Róisín agus Aoife – Cé mise? Cé a ghoid mo dhíritheoir gruaige? Cad é an Modh Coinníollach?

Déantar iniúchadh freisin ar shaincheisteanna comhaimseartha a bhfuil pobail Ghaeltachta ag dul i ngleic leo inniu; an tionchar a bhíonn ag ardú cíosanna, úinéireacht an dara teach agus dúnadh féideartha an Choláiste. An bhféadfadh sé seo a bheith ar an gColáiste Samhraidh deireanach choíche?

An Taibhdhearc presents SAOIRSE from July 10 to July 26 as part of the Galway International Arts Festival. Set in the Kerry Gaeltacht, SAOIRSE is a funny and heartwarming new musical which celebrates first loves and losses.

The arrival of the first summer of freedom brings excitement to the air. Saoirse, Róisín and Aoife are grappling with life’s big questions – Who am I? Who has stolen my hair straightener? What even is the Modh Coinníollach?

SAOIRSE also explores contemporary issues facing Gaeltacht communities today: the impact of rising rents, second home ownership and the potential closing of the college. Could this be the last Coláiste Samhraidh/summer college ever?

Ticéid / Tickets: €20/€25 + táille áirithinte / booking fee antaibhdhearc.com / giaf.ie / (091 ) 357 011.

Is féidir leo siúd nach labhraíonn Gaeilge rochtain a fháil air (fotheidil dhúnta ). English Language Access available (closed captions ). TCÉ / ISL: 25 & 26 Iúil / July.

An Taibhdhearc, 19 an tSráid Láir, Gaillimh, H91 E2V3.

 

Page generated in 0.3037 seconds.