Cúig aonad fágtha i bhforbairt nua Bhaile Chláir

The Birch – Type B.

The Birch – Type B.

Tá rímeád ar O'Malley Construction Group an fhorbairt is déanaí a thabhairt ar an margadh atá lonnaithe i mBaile Chláir na Gaillimhe, áit phictiúrtha lán de tharraingtí nadúrtha agus stairiúla.

Tá An Móinéar Buí i gcroílár Bhaile Chláir na Gaillimhe díreach den R381, a thugann rochtain don líonrá bóthair áitiúil, contae agus náisiúnta.

Is baile Gaeltachta é Baile Chláir na Gaillimhe nach bhfuil ach 10gcilimeádar ó thuaidh de chathair na Gaillimhe. Bunaíodh an baile ar bhruach abhann an Chláir, tá oidhreacht ársa ag an mbaile ag dul siar os cionn míle bliain.

Tá saibhreas áiseanna ar an tairseach sa Mhóinéar Buí, ina measc bunscoileanna agus meánscoileanna, Coláiste Bhaile Chláir san áireamh, ionaid aclaíochta, ollmhargaidh, CLG Bhaile Chláir na Gaillimhe, clubanna liathróid láimhe agus cispheile chomh maith le hionad pobail áitiúil.

Cuireann An Móinéar Buí réimse nua-aimseartha de thithe 3 agus 4 sheomra ar fáil taobh isitgh de fhad siúil do na scoileanna áitiúla agus éagsúlacht áiseanna áitiúla a dhéanann fíorfcheann-scríbe don bhaile agus a chuireann deiseanna ar fáil do theaghaigh a bheith rathúil le chéile.

Tá dearadh ailtireachta ag leibhéal ard sonraíochta agus bailchríochnaithe ag na tithe ar fad. Taobh istigh, tá na tithe sómasach, geal, le cistineacha nua-aimseartha feistithe, neart stórála agus seomraí suí spásmhara agus maorga.

Tá na tithe seo compórdach, comhaimseartha agsu éasca le coinneáil de dheasca na gnéithe fuinnimh feidhmiúla.

Bainfidh na húinéirí tí leas as na háiteanna comhroinnte le páirc spraoi.

An Leamhán - Cineál C @ €469,500 (1 aonad )

Trí sheomra leath-scoite - 112.28sq m/1,209sq ft.

Deartha chun scoth spáis chónaithe a chur ar fáil sa teach álainn seo le trí sheomra leapa. Ofrálann na tithe seo mothú spáis a bhuíochas dá leagan amach cliste.

Tá cistin/seomra bia mór ar úrlár na talún agus thuas staighre gheobhaidh tú trí sheomra, ceann acu le en-suite. Is teach nua-aimseartha é seo le gairdín cúil insroichte trí dhoirse paitió. Neart stórála agus leithreas thíos staighre rud a fhágann an teach seo mar theach foirfe do chlann.

An Bheith – Cineál B @ €469,999 (1 aonad )

Trí sheomra lár- sraithe - 118.64sq m/1,277sq ft.

Tugann an teach galánta seo isteach an solas nadúrtha de bharr an dearadh cliste.

Anseo gheobhaidh tú príomhsheomra leapa thar a bheith mór- críochnaithe le lán en-suite agus dhá sheomra eile.

Cuireann an chisitn spásmhar go mór leis an dearadh cliste ar an seomra bia agus rochtain ar an ngairdín cúil trí dhoirse dúbailte paitió. Chun tosaigh tá seomra suí mór a chríochnaíonn an teach tarraingteach seo.

An Dair - Cineál A @ €499,999 (3 aonad )

Ceithre sheomra leath-scoite - 135.07sq m/1,454sq ft.

Teach iontach mór le ceithre sheomra leapa ag nascadh stíl agus príomháideachas. Príomhsheomra leapa mór le en-suite chomh maith le seomra folchta spásmhar clainne ar an gcéad úrlár. Ta an teach seo in ann freastail ar theaghlaigh atá ag fás.

Ar úrlár na talún, tugtar na gnéithe flaithiúla faoi deara de bharr an chistin mhór, seomra bia agus seomra clainne i bplean oscailte. Tá seomra suí iontach chun tosaigh.

Buaicphointí

• Córas éifeachtach aer go huisce le rialú teasa zónáilte, rialú teirmeastat agus clog.

• Córas uisce inmheánach brúchóirithe.

• Cistin deartha ag dearthóir intí le structúr adhmaid, doirse adhmaid péinteáilte, cuntair oibre lannaithe le rogha uasghrádú go cloch nadúrtha/grianchloch.

• Soláthar do chócaireáin, oigheann, cuisneoir, miasniteoir agus fearais eile.

• Tíliú ar úrlár na cistine, an príomhleithreas, en-suite agus an leithreas thíos staighre.

• Caighdeáin aeir curtha ar fáil ag córas aerála meicniúla éileamh rialaithe le braiteoir taiseachas.

Críochnúcháin inmheánacha

• Ballaí inmheánacha plástráilte agus péinteáilte.

• Urlár coincréite soladach ar an gcéad urlár.

• Staighre coincréite.

• Téamh urláir ar an mbunurlár le rialú teirmeastatach.

• Córas lánbhrúite.

• Sonraíocht leictreach fhlaithiúil.

• Tá duchtáil ag gach teach le haghaidh suiteáil amach anseo do phointe luchtaithe carranna (EV ).

• Fuinneoga dúbailte gloinithe ardfheidhmíochta, deimhnithe ag BSI, líonta le hargón chun feidhmíocht theirmeach fheabhsaithe a sholáthar.

• Doras tosaigh inslithe “Palladio” le córas glasála ilphointe.

• Soilse íochtair i seomraí áirithe.

• Tá gach teach sreangaithe agus réidh le nascadh le hEir.

Críochnúcháin sheachtracha

Tógáil le ballaí bloc soladacha le hardaithe brící, plástar nap péinteáilte, deartha go mion de réir dearadh ailtire. Ballaí seachtracha plástráilte agus dasháilte le slisní cloiche nádúrtha.

Pointí luchtaithe EV ar fáil i limistéir pháirceála chomhroinnte.

Cabhsa pábháilte le spás do dhá charr, nuair is infheidhme.

Limistéar paitió pábháilte sa ghairdín cúil le sconna uisce seachtrach.

Gairdín cúil leibhéalta agus síolta curtha, le fálú painéil agus cuaillí coincréite ar na teorainneacha taobh.

Soilse seachtracha tosaigh agus cúil.

Limistéir chomónta de réir Dearadh Tírdhreacha agus limistéir shúgartha ainmnithe curtha ar fáil agus feistithe.

Tá Comhlacht Bainistíochta Maoine ceaptha chun na limistéir chomónta uile a bhainistiú, agus beidh gach úinéir tí ina bhall den Chomlacht Bainistíochta Úinéirí.

Le haghaidh tuilleadh sonraí déan teagmháil lenár n-oifig ar 091-564212.

Uaireanta oscailte na hoifige – Luan go hAoine 9rn go 5:30in.

Is féidir na maoine a fheiceáil ar ár suíomh gréasáin www.odj.ie

 

Page generated in 0.1504 seconds.