Eagraíodh Tionól Géarchéime, cruinniú éigeandála náisiúnta do phobal na Gaeilge, Dé Máirt seo caite, i mBaile Átha Cliath mar thoradh ar an €800,000 de chiorruithe atá le cur i bhfeidhm ag Foras na Gaeilge. Tá na ciorruithe seo ag teacht tráth a bhfuil géarchéim maoinithe cheana féin san earnáil. Tá go leor grúpaí áitiúla Gaeilge ar fud na tíre nach raibh go leor airgid acu chun tuarastal, billí agus cíos a íoc roimhe seo, anois is gá dóibh dul agus ciorruithe breise a chur i bhfeidhm.
Tá cáineadh géar déanta ag Conradh na Gaeilge ar an gcinneadh chun na ciorruithe a chur i bhfeidhm ar phobal na Gaeilge, lena n-áirítear 3 mhór-scéim, an Scéim Fhorbartha Líonra Gaeilge, a mhaoiníonn 28 grúpa Gaeilge áitiúil ar fud na tíre, na meáin Ghaeilge, agus na ceanneagraíochtaí Gaeilge.
Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Paula Melvin: “Bhí díomá ollmhór agus fearg ar Chonradh na Gaeilge agus muid ag foghlaim faoina ciorruithe atá fógartha ag Foras na Gaeilge. Tá na ciorruithe seo ag teacht tráth a bhfuil géarchéim maoinithe cheana féin san earnáil, géarchéim a ardaíonn tuilleadh ceisteanna faoi Fhoras na Gaeilge a bheith ábalta maoiniú éifeachtach a chur ar fáil do riachtanais phobal na Gaeilge mura gcuireann an dá Rialtas an maoiniú cuí ar fáil láithreach bonn.
Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge: “Is léir dúinne anois go bhfuil Foras na Gaeilge briste mar struchtúr éifeachtach maoinithe chun maoiniú a mhealladh ón dá stát faoi na cúinsí reatha, córas atá ag fágáil níos lú maoinithe agus ciorruithe i bhfeidhm ar ghrúpaí ar an talamh.
Tá ceisteanna tromchúiseacha ann don dá Rialtas, todhchaí Fhoras na Gaeilge san áireamh, mura réitítear an struchtúr maoinithe thuaidh theas agus maoiniú na hearnála Gaeilge trí chéile láithreach bonn.”
Gradaim Leabhair KPMG
Tá dhá leabhar de chuid theach foilsitheoireachta an Spidéil, Futa Fata, ar ghearrliosta Ghradaim KPMG Leabhair Pháistí Éireann, is iad sin Na Trí Mhuicín agus Bearradh Gruaige d‘Eoinín.
Scríofa ag Áine Ní Ghlinn agus maisithe ag Paddy Donnelly, is athinsint fhileata í Na Trí Mhuicín ar an seanscéal den teideal céanna. Bhain Na Trí Mhuicín Gradam Réics Carló 2024. Is é seo an chéad leabhar atá foilsithe ag Áine le Futa Fata ach ní hí an chéad uair di a bheith ainmnithe do na gradaim seo, bhain a húrscéal Daideo Gradam Onóra don Fhicsean in 2015.
Tá gearrliosta na ngradam bainte amach ag Paddy cúpla uair freisin agus bhain An Slipéar Gloine a mhaisigh sé Gradam Speisialta na Moltóirí in 2023.
Tá ríméad ar leith ar Futa Fata go bhfuil an gearrliosta bainte amach ag Bearradh Gruaige d’Eoinín. Ainmníodh Muireann Ní Chíobháin, údar na leabhar gleoite seo, tá cúig leabhar sa tsraith Eoinín anois, dá pictiúrleabhar Scúnc agus Smúirín, maisithe ag Paddy Donnelly, in 2020, agus an bhliain roimhe sin bhain Róisín Hahessy, maisitheoir Bearradh Gruaige d’Eoinín, an gearrliosta amach leis an leabhar Beag Bídeach a mhaisigh sí agus a scríobh Sadhbh Devlin.
Sé ghradam san iomlán atá le baint agus fógrófar na buaiteoirí ar an 19 Bealtaine.
Gabhann Futa Fata buíochas le Clár na Leabhar Gaeilge, Foras na Gaeilge agus leis an gComhairle Ealaíon as an tacaíocht leanúnach.
Eolas chuig:
Peadar Mac Fhlannchadha
Conradh na Gaeilge
45 Sr Doiminic, Gaillimh
Fón 091 567824 peadar@cnag.ie www.arasnangael.ie Foclóir
géarchéim emergency
éigeandáil emergency
toradh result
ciorraithe cuts
earnáil sector
cáineadh criticism
cinneadh decision
díomá disappointment
riachtanais needs
mealladh attract
reatha current
todhchaí future
gradaim awards
maisithe illustrated
sraith series