Coláiste Cholmcille, Indreabhán

Tá Coláiste Cholmcille ag glacadh le hiarratais ó scoláirí do rang na chéad bhliana don scoilbhliain seo chugainn, 2025-’26. Beidh Oíche Oscailte ag an scoil ar an 23/10/2024 agus tá eolas ar fáil ar shuíomh gréasáin na scoile, www.colaistecholmcille.ie Tá an fhoirm iarratais ar fáil ar an suíomh nó is féidir teagmháil a dhéanamh leis an scoil ag 091-593119 nó ag [email protected] chun pacáiste eolais a fháil.

Is cúis mhór áthais go bhfuil an próiséis tairisceana chun conraitheoir tógála a cheapadh don mhór-fhorbairt scoile ar siúl faoi láthair.

Sa bhforbairt tógfar 12 Seomra Ranga breise, Halla Spóirt & Giomnáisiam, Seomra Teicneolaíochta, 2 Saotharlann Eolaíochta, Seomra Innealtóireachta, Seomra Adhmadóireachta, 2 Seomraí Ealaíne, Seomra Eacnamaíocht Bhaile, Seomra Teicstílí, Seomra Ceoil, Leabharlann, Cúirteanna Imeartha, Seomraí Ríomhaireachta chomh maith le Seomra Líníochta, Seomra Ilmheáin, Seomra Cumarsáide & Ceaintín Scoile.

Tá réimse an-leathan d’ábhair ar fáil sa scoil. Baineann na scoláirí ard-thorthaí Ardteiste amach go bliantúil. Oibríonn an Rannóg Ghairmthreorach go dlúth le scoláirí chun iad a threorú ar bhealach a leasa. Cuirtear an-bhéim ar na scoláirí a réiteach agus iad a threorú i dtreo cúrsaí oiriúnacha 3ú léibhéil.

Tá atmaisféar an-chairdiúil agus spreagúil sa scoil. Tá pobal na scoile an-bhrodúil as oidhreacht agus traidisiúin an cheantair agus é sin le feiceáil go suntasach in imeachtaí na scoile. Tá réimse leathan d’imeachtaí sheach-churaclam ar fáil ag na scoláirí, ina measc peil ghaelach, sacar, iománaíocht, camógaíocht, cispheil, drámaíocht, díospóireacht & ceol.

Tuilleadh eolais ar www.colaistecholmcille.ie

 

Page generated in 0.1296 seconds.