Teachtaireacht ó Choláiste Chroí Mhuire, an Spidéal

Is iad ár gcuid daltaí is fearr le cur síos a dhéanamh ar an scoil s’againne, mar sin, seo mar a fheiceann Coiste Cucci Gaeilge an scoil a bhfuil muid chomh bródúil aisti.

Is scoil bríomhar, spreagúil í Coláiste Chroí Mhuire atá lonnaithe i gceartlár Ghaeltacht Chonamara. Tá muid bródúil as an suíomh lan Ghaeilge atá againn anseo sa scoil agus tuigeann muid go bhfuil an t-ádh orainn pobal óg díograiseach de dhaltaí Gaeltachta a bheith againn. Tá féiniúlacht oidhreachta agus chultúrtha fíor speisíalta againn sa scoil agus sa gceantar agus tá súil againn leanúint ag spreagadh muinín, misneach agus bród I nglún óg na Gaeltachta faoi mar atá déanta againn le hos cionn 70 bliain.

Coláiste Chroí Mhuire, an Spidéal - ardchaighdeán oideachais á chur ar fáil tré mheán na Gaeilge ó 1947.

 

Page generated in 0.0996 seconds.