Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Rialtas cluas éisteachta a thabhairt do chomhairle agus do léargas an Choimisinéara Teanga sa Bhreatain Bheag, Meri Huws, agus córas nua le caighdeán a bheadh bunaithe ar rialacháin reachtúla a fhorbairt in ionad na scéimeanna teanga atá i bhfeidhm faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, faoi láthair.
In alt san iris ar líne Tuairisc.ie, a foilsíodh Dé Céadaoin, 29 Iúil 2015, deir Meri Huws go sonrach go raibh “córas scéimeanna teanga lochtach” i bhfeidhm sa Bhreatain Bheag ar feadh i bhfad an iomarca ama sular géilleadh go raibh gá le hathrú agus gur tosaíodh ar scéimeanna caighdeánaithe a thabhairt isteach.
Amhlaidh Chonradh na Gaeilge, creideann Coimisinéir Teanga na Breataine Bige freisin go bhféadfadh gur “rud maith a bheadh sa mhoill fhada ar fhoilsiú an Bhille Teanga dá dtapófaí an deis chun cinnteidil an Bhille a láidriú” agus foráil chun córas bunaithe ar chaighdeáin seachas ar na scéimeanna teanga reatha a áireamh ann.
Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Rialtas foghlaim ó thaithí na Breataine Bige, an reachtaíocht teanga a láidriú, agus caighdeán bunaithe ar rialacháin reachtúla a fhorbairt in áit na scéimeanna teanga reatha i mBille Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú ), 2014.