Tá fearg ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta nach raibh oiread is ionadaí amháin ó Fhine Gael nó an Lucht Oibre i láthair ag an gcruinniú den Fhochoiste Oireachtais faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a bhí ar siúl i dTeach Laighin an tseachtain seo caite, tráth a raibh an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin ag labhairt os comhair an Choiste.
Dar le pobal na Gaeilge ba léiriú é an easpa ionadaíocht ó pháirtithe an Rialtais agus an easpa spéise atá léirithe ag an Rialtas i bhfeidhmiú an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus ba léiriú é freisin ar na cúiseanna gur chinn an Coimisinéir Teanga, Ombudsman na Gaeilge, éirí as oifig.
Ag labhairt leis an gComhchoiste Oireachtais an tseachtain seo caite dúirt an Coimisinéir Teanga gur chreid sé “go bhfuil an teanga á ruaigeadh ar leataobh go leanúnach chuig imeall na sochaí, agus áirím anseo cuid mhaith den riarachán poiblí. Ní chreidim ar chor ar bith gur ar an aicme pholaitiúil is mó atá an locht ina leith seo ach feictear dom, cé go bhfuil daoine sa státchóras a thacaíonn go láidir leis an Ghaeilge, go bhfuil fórsaí níos láidre agus níos forleithne fós ann ar cuma leo ann nó as dár dteanga náisiúnta.”
Ba bheag dóchas a bhí aige ach an oiread maidir leis an gcóras nua atá beartaithe chun méadú a chur ar líon na státseirbhísigh le Gaeilge. Deir sé “Ní chreidim go bhfuil aon seans ann go n-éireoidh leis an chóras nua atá beartaithe méadú a chur ar líon na státseirbhíseach le Gaeilge. Níltear sásta barántas a thabhairt go mbeidh seirbhísí stáit á soláthar i nGaeilge do phobal na Gaeltachta gan cheist gan choinníoll, rud a chiallaíonn go bhfuil an státchóras le leanúint de bheith ag rá le pobal na Gaeltachta: “Labhraígí Gaeilge le chéile ach ná labhraígí linne í.”