Tá deimhniú tugtha ag Éamon Gilmore, ceannasaí Pháirtí an Lucht Oibre, go bhfuil Páirtí an Lucht Oibre chun seasamh le pobal na teanga agus an Ghaeilge a choinneáil mar phríomhábhar Ardteiste. Thug sé an deimhniú seo do thoscaireacht ó Chonradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta ag cruinniú sa Dáil an tseachtain seo caite.
Fógraíodh an méid seo ag cruinniú práinne a d’eagraigh Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta san Óstán Menlo Park i nGaillimh Dé hAoine seo caite.
Agus baol ann go ndéanfar iarracht ísliú stádais a thabhairt don teanga ag leibhéal na hArdteiste i ndiaidh olltoghchán 2011, tugadh cuireadh do na páirtithe leasmhara teacht le chéile chun an scéal a phlé agus feachtas a eagrú ina n-aghaidh.
Áiríodh eagraíochtaí oideachais, ceardchumainn mhúinteoirí, eagrais Ghaeilge, coláistí samhraidh, grúpaí mná tí, eagraíochtaí óige, agus eagraíochtaí Gaeltachta i measc na ngrúpaí ionadaíochta a d'fhreastail ar an gcruinniú.
Cruinniú sásúil, spreagúil a bhí ann dar le hÉamon Mac Niallais, urlabhraí Ghuth na Gaeltachta: “Is léir anois do pholaiteoirí na tíre seo go bhfuil páirtithe leasmhara na Gaeilge aontaithe le chéile ar an ábhar seo agus an t-olltoghchán socraithe anois don 11 Márta 2011. Beidh feachtas láidir ann go mbeidh gach páirtí polaitiúil ag tacú leis an éileamh go gcoinneofaí an Ghaeilge mar chroí-ábhar don Ardteist a dhéanfaidh gach mac léinn staidéar uirthi, agus go n-athrófar an tslí a múintear agus a fhoghlaimítear an Ghaeilge go suntasach amach anseo.”
Agus é ag caint faoin chéad chéim eile dúirt Julian de Spáinn, ard-rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Beidh cruinnithe poiblí á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge i bpáirt le Guth na Gaeltachta ar fud na tíre go luath le deis a thabhairt don phobal tacaíocht a léiriú don fheachtas ríthábhachtach seo, mar is gá le tacaíocht na bpáirtithe polaitiúla ar fad a fháil le seasamh leis an nGaeilge mar phríomhábhar Ardteiste.”