le Mike P Ó Conaola
ÓN 19 - 25 den mhí seo cuirfidh Taibhdhearc na Gaillimhe seó ilmheán faoi scríbhneoir mór na Gaeilge, Máirtín Ó Cadhain os comhair an phobail in Amharclann Chois Fharraige ar an gCnoc nó i Seanscoil Shailearna mar is fearr aithne air.
Is gearr go mbeidh sé dhá scór bliain ó bhásaigh an Cadhnach. Beidh cur síos sa taispeántas seo ar shaol Uí Chadhain agus ar chuid dá shaothar. Beidh togha an cheoil le cloisteáil chomh maith le togha na fonnadóireachta ó Róisín Elsafty. Chomh maith leis sin beidh míreanna scannán snoite thríd an léiriú ó thús deireadh.
Is beag duine nach bhfuil fhios acu go bé Máirtín Ó Cadhain a scríobh an t-úrscéal ‘Cré na Cille’. Tá sé aistrithe i roinnt teangacha ina measc Béarla, Danmhairgis agus Ioruais. Ach ní feasach dom go bhfuil sé foilsithe i mBéarla fós. Ar ndóigh scríobh sé go leor eile freisin. Ba é a scríobh na leabhra gearrscéalta Braon Broghach (1948 ), Cois Caoláire (1953 ) agus an t-úrscéal Athnuachan a fuair duais Oireachtais i 1951 ach nár foilsíodh go dtí1995. Agus níl sé taobh leis an méid sin.
Oileadh an Cadhnach ina mhúinteoir scoile agus chaith roinnt blianta mar phríomhoide i Scoil Náisiúnta Chamuis i gConamara agus ina dhiaidh sin i Scoil Náisiúnta an Chairn Mhóir. Ba ansin a briseadh as a phost é i ngeall ar bhaint a bheith aige leis an IRA. Chaith Máirtin blianta mar oifigeach earcaíochta san IRA agus ceaptar go bé a d’earcaigh an scríbhneoir Brendan Behan agus Cathal Goulding a bhi i gceannas ar an IRA ina dhiaidh sin.
Chaith sé cosamar cúig bhliana i gCampa Géibhinn an Churraigh i gCill Dara le linn an Dara Cogadh Domhanda mar gur measadh go mba contúirt é do neodracht an stáit, cosúil le go leor eile a caitheadh isteach ag an am céanna. Mhúin sé Gaeilge do go leor de na imtheorannaithe agus é faoi ghlas.
Fuair sé post le Rannóg an Aistriúcháin nuair a ligeadh saor é agus leag sé ansin ar an scríbhneoireacht cruthaíoch i ndáiríre. Fuair post mar léachtóir Gaeilge i gColáiste na Trionóide i 1956 agus ceapadh mar Ollamh le Gaeilge é i 1969.
Bhí a chroí sa nGaeltacht agus i muintir na Gaeltachta. Chonaic sé an sclábhaíocht a d’fhuiling a mhuintir agus é ag éirí aníos agus ní iontas go raibh báidh aige le sóisialachas Uí Chonghaile agus le tuairimí Karl Marx agus Friedrich Engels ar feadh a shaoil.
Páirteach sa seó ilmheán seo faoi Mháirtín Ó Cadhain tá scoth na n-aisteoirí – Macdara Ó Fátharta, Joe Steve Ó Neachtain, Diarmuid Mac an Adhastair, Josie Chóilí Óg Ó Cualáin, Eoin Mac Diarmada, spéirbhean na haimsire ar TG4, Mairéad Ní Chuaig, Bridie Ní Churraoin, an fonnadóir álainn Róisín Elsafty agus an ceoltóir cumasach Paudie Breathnach.
Sé Joe Steve Ó Neachtain atá i mbun scripte agus sé Mike P Ó Conaola atá i mbun léirithe. Bainigí taitneamh as.