Lár Sráide le Conradh na Gaeilge

Fionnuala Ní Aoláin faoi agallamh

Is í Fionnuala Ní Aoláin a bheidh faoi agallamh ar an gclár An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra ar Raidió na Gaeltachta Dé Sathairn seo chugainn, 26 Meán Fómhair, ag 11.00r.n. Is de bhunú na Forbacha í Fionnuala Ní Aoláin, ach tá cuid mhaith dá saol caite aici ag obair thar lear i ngort na cearta daonna. Faoi láthair tá sí ag obair mar Thoscaire Speisialta na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daonna.

Tá taithí aici freisin ar chearta daonna sa tír seo, ón am ar chur sí tús lena oideachas Ollscoile i nDámh Dhlí Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste, áit ar bhain sí céim LLB amach agus PhD sa dlí.

Mar aon le sin tá céim LLM bainte amach aici ó Scoil Dlí Columbia. Bhí sí ina ollamh cuairte i Scoil Dlí Ollscoil Minnesota i 2003-04 agus bhí sí ina scoláire cuairte ar Scoil Dlí Harvard (1993-94 ); ina ollamh cuairte i Scoil na nGnóthaí Idirnáisiúnta agus Poiblí, Ollscoil Columbia (1996-2000 ); ina ollamh comhlach dlí in Ollscoil Eabhrais in Iarúsailéim, Iosrael (1997-99 ); ina chomhalta cuairte in Ollscoil Princeton (2001-02 ), ina chomhalta cuairte ag Institiúid Ard-Léinn Ollscoil Eabhrais in Iarúsailéim (2011-2012 ) agus ina ollamh cuairte i Scoil Dlí Harvard (2012-13 ).Bhí sí ina Ollamh le Dlí in Institiúid um Cheartas Idirthréimhseach Ollscoil Uladh i mBéal Feirste, Tuaisceart Éireann, ina comhbhunaitheoir agus ina stiúrthóir comhlach ar an Institiúid.

Tá a cuid spéiseanna teagaisc agus taighde i réimsí an dlí idirnáisiúnta, an dlí um chearta an duine, an dlí slándála náisiúnta, an cheartais idirthréimhsigh, agus na teoirice dlí feimineach. Scrúdaigh a céad leabhar, The Politics of Force (Blackstaff Press, 2000 ) úsáid fórsa ag gníomhairí stáit le linn na coimhlinte i dTuaisceart Éireann. Bhí fócas teoiriciúil agus beartais an taighde sin suite i scrúdú ar an ngaol idir an dlí daonnúil idirnáisiúnta agus an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine.

Faoi láthair tá Fionnuala ag cur fúithi i Minneapolis, agus beidh sí ag trácht san agallamh faoi dhúnmharú George Floyd sa chathair sin ceithre mhí ó shin, agus an ciníochas córasach atá i bhfeidhm i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Craolfar an clár ag 11.00r.n.

Meon na hAoise

Fear amháin nach raibh díomhaoin le linn Covid is ea Oisín Mac Giolla Bhríde a bhfuil albam nua, Meon na hAoise, seolta aige. Ina iomláine tá dhá amhrán déag ar an albam, meascán de Hip Hap, Trap, G-Funk, Ceol Tídh, agus Discó atá ann, agus é uilig i nGaeilge amháin.

Is ceoltóir rap é Oisín Mac Giolla Bhríde atá lárnach sa bhorradh atá ag teacht faoin réimse ceoil seo i saol na Gaeilge faoi láthair. Is ceoltóir neamhspleách é nach bhfuil ceangailte le haon chomhlacht faoi leith agus déanann sé a chumadóireacht féin mar aon leis an obair uilig a bhaineann lena cheol a thaifead agus a chur ar fáil go díreach don phobal.

Deir Oisín gur albam coincheap é Meon na hAoise agus go bhfuil sé ag iarraidh meonta na haoise seo a iniúchadh trí dhul isteach i gcraiceann an duine eile.

Tá an t-albam féin, agus an ealaíon clúdaigh, ar fáil ar Spotify agus Bandcamp.

Eolas chuig

Peadar Mac Fhlannchadha

Conradh na Gaeilge

45 Sr. Doiminic, Gaillimh

Fón 091 567824 [email protected] www.arasnangael.ie

Foclóir

agallamh interview

cearta daona human rights

taithí experience

céim degree

ollamh professor

comhlach assosiate

taighde research

gníomhairí agents

coimhlint conflict

dúnmharú murder

ciníochas racism

díomhaoin idle

neamhspleách independent

iniúchadh investigate

 

Page generated in 0.1013 seconds.