Cruinniú poiblí faoi phlean gaeilge chathair na Gaillimhe

Reáchtálfar cruinniú poiblí faoi Phlean Gaeilge Chathair na Gaillimhe Dé Máirt 7 Bealtaine ag 7.30pm i seomraí G010 & G011, Áras Taighde Uí Argadáin, Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

Tá sé mar aidhm ag an gcruinniú deis eile a thabhairt do phobal na cathrach a dtuairimí a léiriú faoin bPlean Gaeilge atá á ullmhú ag OÉ Gaillimh ar son Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus Gaillimh le Gaeilge. Ionas go mbeidh deis ag gach duine páirt a ghlacadh beag beann ar chúlra teanga, beidh dhá chruinniú ar siúl ag an am céanna, ceann i nGaeilge agus ceann i mBéarla. Tá fáilte roimh chách

Public meeting about Galway City Irish language plan

A public meeting about the Galway City Irish Language Plan will be held on Tuesday May 7 at 7.30pm in rooms G010 & G011, Hardiman Research Building, National University of Ireland, Galway.

The meeting aims to provide another chance to people in Galway to give their opinions about the Irish Language Plan being prepared by NUI Galway on behalf of Galway City Council and Gaillimh le Gaeilge. So that everyone can take part regardless of language background, two meetings will be held simultaneously, one in Irish and the other in English. All are welcome.

 

Page generated in 0.3276 seconds.